Dáil debates
Thursday, 4 April 2019
Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation
1:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Bunaíodh Oifig an Choimisinéara Teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Ina thuarascáil bhliantúil inné, dúirt an Coimisinéir go bhfuil an dlí a shárú ag RTÉ maidir le craoladh trí Ghaeilge. Dúirt sé go bhfuil séanraí áirithe nach bhfuil craoladh ar bith á dhéanamh iontu i nGaeilge. An féidir leis an Aire Stáit a rá liom céard atá i gceist ag an Rialtas a dhéanamh le cinntiú go gcloíonn RTÉ leis an Acht Craolacháin, 2009 i leith na Gaeilge?
No comments