Dáil debates

Tuesday, 26 March 2019

An tOrd Gnó - Order of Business

 

3:15 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Craoladh i dtaobh Ghnó na Seachtaine: is mar a leagtar amach é sa Tríú Tuarascáil Athbhreithnithe ón gCoiste Gnó dar dáta an 25 Márta 2019 a bheidh gnó na seachtaine seo.

Craoladh i dtaobh Socruithe Beartaithe i gcomhair ghnó na seachtaine seo: I ndáil leis an ngnó Dé Céadaoin, beartaítear: (1) Go dtógfar Mír a11, Tairiscint chun Treoir a thabhairt don Choiste ar an mBille um Chlárú Sibhialta, 2019, gan díospóireacht agus go dtógfar láithreach aon vótáil a éileofar ar an gcéanna; agus (2) Go gcuirfear tús le Mír 29, Ráitis tar éis an chruinnithe den Chomhairle Eorpach an 21-22 Márta, de bhun Bhuan-Ordú 111 díreach tar éis Ceisteanna chun an Taoisigh agus cuirfear an suí ar fionraí ina dhiaidh sin faoi Bhuan-Ordú 25(1) ar feadh aon uair an chloig. Tabharfar na Ráitis chun críche tar éis 1 uair an chloig agus 45 nóiméad, mura mbeidh siad críochnaithe roimhe sin, le Ráitis ó Aire nó Aire Stáit agus ó phríomhurlabhraithe na bpáirtithe agus na ngrúpaí, nó ó chomhalta a bheidh ainmnithe ina n-ionad, nach rachaidh thar deich nóiméad i ngach cás. Tógfaidh Aire nó Aire Stáit ceisteanna ar feadh tréimhse nach faide ná 20 nóiméad, agus tabharfaidh Aire nó Aire Stáit freagra cúig nóiméad, agus féadfaidh gach comhalta am a roinnt.

I ndáil leis an ngnó Déardaoin, beartaítear: 1. Go suífidh an Dáil níos déanaí ná 8.03 p.m. agus go mbeidh Saincheisteanna Tráthúla ar siúl ar Gach Céim de Mhír a1, An Bille Iascaigh Mhara (Leasú), 2017 [Seanad], a thabhairt chun críche nó ar 5.25 p.m., cibé acu is déanaí; 2. Go dtógfar Mír 11 gan díospóireacht; agus 3. Go ndéanfar na himeachtaí ar an Dara Céim de Mhír a1 a thabhairt chun críche tar éis dhá uair an chloig, mura mbeidh siad críochnaithe roimhe sin, agus go dtógfar láithreach aon vótáil a éileofar ar an Dara Céim a chríochnú. Ní rachaidh Ráitis ó Aire nó Aire Stáit agus ó phríomhurlabhraithe na bpáirtithe nó na ngrúpaí, nó ó chomhalta a bheidh ainmnithe ina n-ionad, thar deich nóiméad i ngach cás, le deich nóiméad do gach comhalta eile agus tabharfaidh Aire nó Aire Stáit freagra cui nóiméad, agus féadfaidh gach comhalta am a roinnt. Tabharfar na himeachtaí ar Chéim an Choiste agus ar na Céimeanna Eile chun críche le haon cheist amháin tar éis aon uair an chloig, mura mbeidh siad críochnaithe roimhe sin, agus ní bheidh iontu, i ndáil le leasuithe, ach na cinn sin a bheidh arna gcur síos nó arna nglacadh ag an Aire Talmhaíochta, Bia agus Mara.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.