Dáil debates

Tuesday, 12 March 2019

An tOrd Gnó - Order of Business

 

3:15 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar Príomh-Aoire agus mar bhall den Choiste Gnó, déanaim comhghairdeas le Patricia as ucht an sárjab a rinne sí ar ár son. Go n-éirí an t-adh léi sa todchaí.

Is mar seo a leanas a bheidh an gnó Dé Máirt: Uimh.15, tairiscint maidir leis an 23ú tuarascáil ón gCoiste Roghnóireachta; Uimh. 16, tairiscint maidir leis an ordú um ghéilleadh a iarchur, iarchur chuig coiste; Uimh. 16a, tairiscint maidir le ceisteanna parlaiminte, malartú róta; Uimh. 34, ráitis maidir leis an nGaeilge; Uimh 1, An Bille um an Dlí Sibhialta (Toimhde Báis) 2016 [Seanad], arna athrú ón Bille um an Dlí Sibhialta (Daoine atá ar Iarraidh) 2016 - an Dara Céim; agus Uimh. 8, An Bille um an mBord um Athstruchtúrú Comhar Creidmheasa (Díscaoileadh) 2019 - Ordú don Dara Céim agus an Dara Céim. Is é a bheidh i nGnó Comhaltaí Príobháideacha Uimh 215, tairiscint maidir le hospidéal náisiúnta na leanaí, arna roghnú ag an nGrúpa Neamhspleách Tuaithe.

Is mar seo a leanas a bheidh an gnó Dé Céadaoin: Uimh 217, tairiscint maidir le bochtaineacht cúrsaí, arna roghnú ag cácas parlaiminte na mban de chuid an Oireachtais; Uimh. 34a, ráitis maidir le forbairtí le déanaí i dtaobh Brexit; Uimh. 35, ráitis maidir le hathbhreithniú cliniciúil neamhspleách seachtrach ar na seirbhísí máithreachais in Ospidéal Portiuncula, Béal Átha na Sluaighe (atógáil); agus Uimh. 8. Is é a bheidh i nGnó Comhaltaí Príobháideacha Uimh. 216, tairiscint maidir le hárachas, arna roghnú ag Fianna Fáil.

Maidir leis an ngnó Dé Máirt, beartaítear: (1) go dtógfar Uimh. 15, 16 agus 16a gan díospóireacht agus go ndéanfar aon vótáil a éilítear maidir le Uimh 16 agus 16a a thógáil láithreach; (2) go ndéanfar aon vótálacha a thógfaí tráth na vótála seachtainiúla Déardaoin, an 14 Márta, a thógáil tráth na vótála seachtainiúla Déardaoin, an 28 Márta 2019; agus (3) go gcríochnófar Uimh. 34 laistigh de 85 nóiméad agus go ndéanfar na ráitis a theorannú d’aon bhabhta amháin le haghaidh Aire nó Aire Stáit agus phríomhurlabhraithe na bpáirtithe agus na ngrúpaí, nó le haghaidh comhalta a bheidh ainmnithe ina n-ionad, nach rachaidh thar deich nóiméad i ngach cás, agus tabharfaidh Aire nó Aire Stáit freagra cúig nóiméad, agus féadfaidh gach comhalta am a roinnt.

Maidir leis an ngnó Dé Céadaoin, beartaítear: (1) go dtógfar Uimh 217 in am Rialtais agus go gcríochnófar í laistigh de dhá uair an chloig, tabharfaidh tairgtheoir óráid tosaigh nach rachaidh thar 20 nóiméad agus, ina dhiaidh sin, beidh aon bhabhta amháin óráidí ann ó Aire nó ó Aire Stáit agus ó phríomhurlabhraithe na bpáirtithe agus na ngrúpaí, nó ó chomhalta a bheidh ainmnithe ina n-ionad, nach rachaidh thar deich nóiméad i ngach cás, agus cúig nóiméad le haghaidh gach comhalta eile agus tabharfaidh Aire nó Aire Stáit freagra cúig nóiméad agus féadfaidh gach comhalta am a roinnt; (2) go gcríochnófar ráitis maidir le Uimh. 34a laistigh de 110 nóiméad agus déanfar na ráitis sa bhabhta tosaigh a theorannú le haghaidh Aire nó Aire Stáit agus phríomhurlabhraithe na bpáirtithe agus na ngrúpaí, nó le haghaidh comhalta a bheidh ainmnithe ina n-ionad, nach rachaidh thar deich nóiméad i ngach cás, beidh an dara babhta de ráitis ann nach faide iad ná 25 nóiméad san iomlán le haghaidh chomhaltaí an Rialtais, Fhianna Fáil agus Shinn Féin a roinnfear i gcomhréir ar bhonn 40-40-20 faoi seach, agus tabharfaidh Aire nó Aire Stáit freagra cúig nóiméad agus féadfaidh gach comhalta am a roinnt; agus (3) go rachaidh an Dáil, ar éirí di, ar athló go dtí 2 p.m., Dé Máirt, an 26 Márta 2019.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.