Dáil debates

Tuesday, 12 March 2019

Ceisteanna ó Cheannairí - Leaders' Questions

 

2:55 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Tánaiste ach is í mo cheist ná an féidir leis an Rialtas Gaillimh a phiocadh mar eiseamláir chun a thaispeáint cad is féidir a dhéanamh le cathair atá sáite i dtranglam tráchta. Tá tranglam tráchta, cúrsaí tithíochta, agus cúrsaí fostaíochta fite fuaite le chéile. Táim ag rá leat agus d'aontaigh an Tánaiste liom go bhfuil forbairt i nGaillimh ag leanúint na forbróirí arís. Níl plean cuimsitheach i gceist. Tá neart talaimh againn i gceantair na nduganna, i lár na cathrach, i Stáisiún Ceannt, sa seanaerphort, agus níl aon ghá le fadhbanna i nGaillimh. Is drochphleanáil, easpa físe, agus easpa phlean cuimsithigh atá i gceist chun dul i ngleic leis na fadhbanna. Ba chóir dúinn plean cuimsitheach a réiteach go práinneach. Is é seo an Dáil dheireanach chun dul i ngleic le athrú aeráide. Níl an dara rogha againn. Tá na gasúir óga ar na sráideanna ag impí orainn rud a dhéanamh. Shínigh 22,000 duine i nGaillimh feachtas agus píosa páipéir ag impí ar an Rialtas breathnú ar thuarascáil féidearthachta le light rail a chur ar fáil mar chuid den réiteach. Bhí 22,000 duine ag seasamh sa sneachta ag iarraidh tacaíochta a thabhairt don fheachtas. Mar cheist, an féidir leis an Rialtas Gaillimh a phiocadh mar eiseamláir, an rud ceart a dhéanamh agus a thaispeáint go bhfuil an Rialtas i ndáiríre do na gasúir a bheidh ar na sráideanna an tseachtain seo.

Mar chuid d'fheachtas, shínigh 22,000 duine i nGaillimh píosa páipéir ag impí ar an Rialtas breathnú ar tuarascail féidearthachta maidir le light rail a chur ar fáil mar chuid den réiteach. Bhí an 22,000 duine sin ag seasamh sa sneachta ag iarraidh tacaíocht a thabhairt don achainí. An féidir an Rialtas Gaillimh a phiocadh mar eiseamláir agus an rud ceart a dhéanamh? An féidir leis taispeáint go bhfuil sé i ndáiríre do na gasúir a mbeidh ar na sráideanna an tseachtain seo?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.