Dáil debates
Tuesday, 12 March 2019
Ceisteanna ó Cheannairí - Leaders' Questions
2:45 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tá a fhios agam gurb é scéal an lae inniú an Breatimeacht. Tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil éacht déanta ag an Rialtas agus ag na státseirbhísígh. Tá moladh tuillte acu ach ní mór dom a rá go bhfuil mé beagáinín buartha maidir le cé chomh scaoilte is atá an tearmaíocht atá in úsáid. Cuireann sé i gcuimhne dom réiteach eile ó 1979 - an Irish solution to an Irish problem a bhí ann - nuair a bhí cúrsaí frithghiniúna á bplé. Níos suimiúla fós, téann an frása siar go 1971 nuair a bhí an tAire, Patrick Hillery, i mbun plé faoinár mballraíocht den EEC. Tagann Tadhg an dá thaobh i gcuimhne dom. Is féidir le chuile pháirtí a rogha féin de chiall a bhaint as an gcomhaontú. Neosfaidh an aimsir.
Maidir le mo cheist inniu, le linn díospóireachta maidir leis an mBreatimeacht bhain an Taoiseach úsáid as an meafar go bhfuil na scamaill dhorcha ag teannadh linn. Is maith an rud nach bhfuil siad anois, ach tá scamaill dhorcha eile amach os ár gcomhair go meafarach agus go réadúil. Tá am na cinniúna maidir le hathrú aeráide ag teannadh linn. Tá a fhios agam go bhfuil dul chun cinn déanta ó thaobh reachtaíochta agus ó thaobh spriocanna, ach níl muid ag baint na spriocanna sin amach. Ar ndóigh, tá na daltaí scoile ar na sráideanna an tseachtain seo ag impí orainn rud a dhéanamh. Sin anuas ar tuarascáil ón Tionól Saoránach a foilsíodh taca an ama seo bliain ó shin. Imní práinneach ó chosmhuintir na tíre beart a dhéanamh de réir ár mbriathar a bhí inti. I measc an 13 moladh sa tuarascáil sin tá moladh faoi leith ó thaobh caiteachais ar an gcóras iompair phoiblí. Moltar tús áite a thabhairt do leathnú amach a dhéanamh ar an tseirbhís seo in áit bóithre nua a thógáil. Moltar tús áite a thabhairt d'áiseanna "páirceáil agus taistil", lánaí bus, agus lánaí rothair.
Sa chomhthéacs sin ba mhaith liom díriú isteach ar mo chathair agus mo chontae féin. Faraor géar, in ainneoin áilleacht agus rathúlacht na cathrach, tá sí ag fulaingt agus ag tarraingt droch-cháile de bharr tranglam tráchta, cúrsaí tithíochta agus forbairt nach bhfuil bunaithe ar an leas coitianta. Anuas air sin, is í Gaillimh ceann de na cathracha atá luaite sa chreathlach pleanála náisiúnta le tuilleadh forbartha agus beidh méadú suntasach ar an daonra. Beidh formhór na forbartha seo laistigh den chathair. Is maith é sin agus tá se le moladh ach, gan plean cuimsitheach inmharthanach atá dírithe ar an leas coitianta agus a aithníonn go bhfuil dúshláin faoi leith againn ó thaobh athrú aeráide de, ní bheidh muid in ann ár ndualgais dlíthiúil a chomhlíonadh. Tá tascfórsa i gceist ó thaobh cúrsaí tithíochta, ach tá plean cuimsitheach a nascann na gnéithe éagsúla le chéile - cúrsaí taistil, cúrsaí fostaíochta agus cúrsaí tithíochta - atá bunaithe ar na freagrachtaí tromchúiseacha atá orainn maidir le hathrú aeráide de dhíth.
Tá cosmhuintir na tíre chun tosaigh orainn agus is í mo cheist dhíreach, shimplí don Tánaiste ná an féidir leis an Tánaiste agus an Rialtas Gaillimh a phiocadh, agus a thógáil mar thogra faoi leith mar chathair ghlas a bheidh ina heiseamláir agus ina threoirphlean do chathracha eile sa tír? Is éard atá i gceist agam deireadh a chur leis an gcur i gcéill agus díriú isteach ar phlean inmharthana do Ghaillimh agus go mbeidh córas iompair poiblí curtha ag croílár an phlean sin, a léireoidh go bhfuilimid i ndáiríre faoi spriocanna atá leagtha síos maidir le athrú aeráide a bhaint amach.
No comments