Dáil debates

Tuesday, 12 March 2019

6:35 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Mar Aire Stáit na Gaeilge, na Gaeltachta agus na hoileáin, cuirim fáilte roimh an deis seo labhairt leis an Teach faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, go háirithe agus muid i lár Seachtain na Gaeilge na bliana seo.

Ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin straitéis 20 bliain don Ghaeilge, agus go háirithe faoin bplean gníomhaíochta don tréimhse 2018-22 a foilsíodh anuraidh. I mbeagán focail, is ionann an straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus polasaí an Stáit i leith na Gaeilge, agus is ionann an plean gníomhaíochta agus mapa bóthair ina ndéantar rianú cruinn ann faoin mhéid a dhéanfaidh an Stát go ceann cúig bliana don Ghaeilge agus don Ghaeltacht. Leagtar amach sa phlean gníomhaíochta an méid atá beartaithe a dhéanamh sa tréimhse go 2022 chun tuilleadh cúraim a dhéanamh den Ghaeilge agus den Ghaeltacht mar a bhaineann sé leis an naoi réimse gnímh faoi leith atá sa straitéis. Ag croilár an phlean gníomhaíochta, tá na bearta comhaontaithe a leagtar amach ann. Tá breis agus 180 díobh ann, a chuirfear i bhfeidhm i gcomhar le os cionn 60 páirtí leasmhar. Leagtar an bhéim is mó ar an méid a dhéanfar go sonrach ar bhonn comhpháirtíochta thar cúig bliana. Tá tráthchlár ama luaite le gach beart. Ar ndóigh, luaitear chomh maith na páirtithe a bheidh freagrach as na bearta a chur i bhfeidhm.

Cé nach bhfuil an plean ar an saol ach bhí mhí an Mheithimh anuraidh ann, tá dul chun cinn suntasach déanta cheana chun tús a chur lena chur i bhfeidhm. Tá an coiste stiúrtha atá freagrach as monatóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an phlean bunaithe anois. Bhí dhá chruinniú ag an gcoiste cheana féin. Beidh ciste caipitil €15.56 milliún san iomlán ar fáil d'Údarás na Gaeltachta in 2019 le caitheamh ar thograí fostaíochta, i gcomparáid le €5.687 milliún in 2016. Tá €980,000 breise curtha ar fáil don chlár tacaíochtaí pobail agus teanga de chuid mo Roinne do 2019. Fágann sé seo go mbeidh soláthair iomlán de €9.692 milliún ar fáil i mbliana. Tá soláthar breise de €550,000 ar fáil don phleanáil teanga do 2019, rud a fhágann go mbeidh €3.2 milliún in iomlán ar fáil i mbliana. Tá soláthair breise de €700,000 ar fáil faoi scéimeanna tacaíochta Gaeilge mo Roinne i mbliana do réimse eagraíochtaí agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an nGaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht.

Leanann ullmhúchán pleananna teanga ar aghaidh ar fud na Gaeltachta, sna bailte seirbhíse Gaeltachta agus sna líonraí. Baintear úsáid as an gciste suntasach atá ar fáil le maoiniú bliantúil idir €100,000 agus €150,000 a chur ar fáil i ngach limistéir pleanála teanga Gaeltachta chun tacú le cur i bhfeidhm na bpleananna aontaithe. Ag an bpointe seo, den 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta, tá 13 phlean ceadaithe cheana féin. Tá súil agam go mbeidh suas le 23 plean in iomlán ceadaithe faoin bpróiseas faoi dheireadh na bliana. Tá naonúr oifigeach pleanála teanga agus beirt oifigeach cúnta pleanála teanga fostaithe ag na ceanneagraíochtaí go dáta. Tá gníomhaíochtaí na bpleananna teanga ábhartha tosaithe dá réir. Chun tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil don phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht, tacaítear go lárnach le réimse gníomhaíochtaí éagsúla - na luathbhlianta, an teaghlach, na hóige agus na healaíona traidisiúnta.

Chuige sin ceadaíodh maoiniú de €1.26 milliún don tréimhse ó 2018-19 go 2020-21 chun deis a thabhairt do Chomhar Naíonraí na Gaeltachta a ngníomhaíochtaí a thacaíonn le seirbhísí luathbhlianta sa Ghaeltacht a leathnú; ceadaíodh maoiniú de €1,027,613 don tréimhse trí bliana ó 2018-19 go 2020-21 do Thuismitheoirí na Gaeltachta chun dlús a chur leis an raon tacaíochtaí a chuireann sé ar fáil do theaghlaigh atá ag tógáil clainne le Gaeilge nó a dteastaíonn uathu é sin a dhéanamh; agus ceadaíodh maoiniú de €325,000 d'Ealaín na Gaeltachta in 2018 chun gníomhaíochtaí traidisiúnta teanga-bhunaithe a chur chun cinn sna healaíona traidisiúnta sa Ghaeltacht.

Ós rud é go bhfuil cuspóirí comónta idir an próiseas pleanála teanga agus an polasaí don oideachas Gaeltachta, tá mo Roinn ag obair as lámh a chéile leis an Roinn Oideachais agus Scileanna chun tacú le feidhmiú an pholasaí sin. Díol suntais agus dóchais is ea é go deimhin go bhfuil 83% den 161 scoil atá Ionnaithe sa Ghaeltacht pháirteach sa pholasaí. Chun tuilleadh rannpháirtíocht a spreagadh, d'eagraigh mo Roinn, i gcomhar le hÚdarás na Gaeltachta, an Roinn Oideachais agus Scileanna agus páirtithe leasmhara eile, sraith cruinnithe le gairid a bhí dírithe ar na tacaíochtaí éagsúla atá ar fáil do scoileanna Gaeltachta a chur ar shúile phobal na scoileanna sin nár chláraigh faoin bpolasaí go dtí seo.

Nuair a luaitear an straitéis, an próiseas pleanála teanga agus an chaoi a bhfuil an Roinn ag déanamh cúram dóibh, tá an baol ann go ndéanfar dearmad uaireanta ar an gcistíocht shuntasach atá ar fáil do sheirbhísí, bliain i ndiaidh bliana, mar a bhaineann sé le clár caipitil agus reatha mo Roinn ó thaobh na Gaeltachta de. De thoradh an chúnaimh seo, ar fiú breis agus €9.7 milliún é i mbliana, tá an Roinn ag leanúint ar aghaidh i gcomhar le páirtithe leasmhara eile chun bonneagar na Gaeilge a threisiú tuilleadh. Leis an infheistíocht seo, táimid in ann raon leathan eagraíochtaí Gaeltachta a chumasú chun a gcláir oibre a fheidhmiú chun leasa na Gaeilge agus na Gaeltachta trí chéile. Ní call dom a rá go bhfuil sé seo uile ag tacú le fíorú chuspóirí na straitéise agus an plean gníomhaíochta.

Agus muid ag caint ar an nGaeilge agus ar an nGaeltacht ní bheadh sé ceart gan aitheantas a thabhairt don ról fíorthábhachtach atá ag Údarás na Gaeltachta. Tá sé ráite agam roimhe seo, ach measaim gur fiú é a rá arís nach bhfuil aon amhras orm ach go bhfuil obair thábhachtach déanta ag an údarás anuas trí na blianta ar mhaithe le saol teangeolaíoch, eacnamaíochta, cultúrtha agus sóisialta phobal na Gaeltachta a chur chun cinn. Is ábhar sásaimh é gur éirigh leis an údarás 589 post a chruthú in 2018 agus go raibh 122 duine breise fostaithe i gcuideachtaí Údaráis sa Ghaeltacht ag deireadh na bliana 2018 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.

Sin ráite, ní féidir a shéanadh gurb é an Breatimeacht ceann de na dúshláin is mó a bheidh le sárú ag comhlachtaí Gaeltachta sna blianta atá romhainn. De ghnáth, is é margadh na Ríochta Aontaithe an chéad chéim easpórtála d'aon chomhlacht a bheadh ag dul i mbun easpórtála den chéad uair. Sa chomhthéacs sin, tá Údarás na Gaeltachta ag comhoibriú le gníomhaireachtaí Stáit eile i ndáil le cur chuige comhordaithe maidir leis an mBreatimeacht. Tá an t-údarás ag obair as lámh a chéile le Fiontraíocht Éireann chun a chinntiú go bhfuil na tacaíochtaí atá ar fáil do chomhlachtaí a thagann faoi scáth na heagraíochta sin ar fáil chomh maith do chliaintchomhlachtaí de chuid an údaráis.

Nuair a chuirtear san áireamh an buiséad caipitil de €9.7 milliún a bheidh á chur ar fáil ag mo Roinn féin, an ciste €3.86 milliún atá curtha ar fáil don údarás faoin gciste um athghiniúint agus forbairt tuaithe, chomh maith leis an gciste faoi leith ar fiú €2 milliún do Pháirc na Mara, Cill Chiaráin atá curtha ar fáil don údarás faoin gciste um fhorbairt fiontraíochta réigiúnaí, fágann sé seo go mbeidh ciste caipitil €15.56 milliún ar fáil don eagraíocht in 2019. Táim cinnte go gcabhróidh an méadú suntasach ar a bhuiséad caipitil leis an údarás tacaíocht a thabhairt do na gnólachtaí atá lonnaithe sa Ghaeltacht chun cabhrú leo a ngnó a chosaint mar thoradh ar an mBreatimeacht.

Tá sárobair ar bun chun úsáid na teanga a chaomhnú agus a threisiú, agus eagraíochtaí ag obair go dian dícheallach ó Thuaidh, ó Dheas agus go hidirnáisiúnta chun an aidhm seo a bhaint amach. Tá maoiniú á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge trí scéimeanna éagsúla chun úsáid na Gaeilge a fhorbairt. Tugann tograí ar nós an scéime Gaelbhratach, atá dírithe ar scoileanna, araon le scéimeanna eile atá á gcur i bhfeidhm ag an bhForas tacaíocht d'úsáid na teanga sna meáin, sna hilmheáin agus sna healaíona.

Agus muid ag iarraidh tuiscint a bheith againn ar oidhreacht agus stair na tíre, feictear go bhfuil luach ar leith le heolas a bheith againn ar logainmneacha na tíre. Mar is eol don Teach, tá forbairt leanúnach á déanamh ar an suíomh logainm.ieag an mBrainse Logainmneacha, ar chuid de mo Roinn é, i gcomhar le Fiontar agus scoil na Gaeilge in Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath agus le tacaíocht airgid ón Rialtas, agus suim ar leith á léiriú ag pobal na tíre ar atá curtha ar fáil ar líne go dtí seo.

Tá soláthar breise ar fáil faoi scéimeanna tacaíochta Gaeilge mo Roinne do 2019 do réimse eagraíochtaí agus gníomhaíochtaí a bhaineann leis an nGaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Fágann sé seo go mbeidh soláthar iomlán de €4.8 milliún ar fáil do 2019. I measc na ngníomhartha den phlean, tá sé i gceist an plean digiteach don Ghaeilge, comhfhiontar de chuid na Roinne, Cathair Ollscoil Bhaile Átha Cliath agus Coláiste na Tríonóide, a fhoilsiú go luath. Tugann an plean seo tacaíocht do réimse leathan tionscadal teicneolaíochta ar nós abair.ie, logainm.ieagus dúchas.ie.

Tá réimse eile tionscadal digiteacha agus teicneolaíochta á mhaoiniú faoin scéim seo agus beidh obair leanúnach ag dul ar bun in 2019. San áireamh sa réimse seo tá clár TechSpace, GaelTech, agus Fáilte ar Líne. Tá tacaíocht á tabhairt ag mo Roinn d'Acadamh Ríoga na hÉireann chomh maith chun foclóir stairiúil na Gaeilge a chur i dtoll a chéile.

Táthar ag dréachtú Bille na dteangacha oifigiúla (leasú) faoi láthair. Beidh sé mar ollchuspóir sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge agus go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú as Gaeilge agus, ag eascairt as seo, go mbeidh níos mó daoine le Gaeilge ar fáil sna comhlachtaí Stáit.

Ba mhaith liom tiomantas agus dáiríreacht an Rialtais i leith chur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge a threisiú uair amháin eile anseo inniu.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.