Dáil debates
Tuesday, 12 March 2019
Ceisteanna - Questions (Resumed) - Ceisteanna Eile - Other Questions
Brexit Issues
4:55 pm
Donnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Ba mhaith liom fáilte a chur roimh an mhéid a bhí le rá ag an Aire, an Teachta Flanagan, agus é ag freagairt an cheist dheireanach. Nuair a bhí an Bille um Tharraingt Siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (Forálacha Iarmhartacha), 2019 á phlé sa Teach seo, bhí díospóireacht fhada againn ar impleachtaí na Breatimeachta ar chearta saoránaigh an Tuaiscirt. Is léir go bhfuil folús agus faillí ann ó thaobh náisiúntacht agus saoránacht de, agus go bhfuil gá le reachtaíocht. Céard atá i gceist ag an Aire a dhéanamh faoin cheist seo?
No comments