Dáil debates
Tuesday, 12 March 2019
Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions
Domestic Homicide
4:25 pm
Donnchadh Ó Laoghaire (Cork South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá an dá cheist ceangailte i slite. Tá go leor cainte agus díospóireachta le cúpla seachtain anuas faoi chás uafásach Clodagh Hawe agus a teaghlach. Roinnt de na rudaí a bhíothas ag iarraidh ná an Bille Cróinéirí (Leasú) 2018, a bhfuil an Teachta Collins tar éis déileáil leis, aistriú reachtaíochta, agus maoiniú. Bhí ceisteanna ann faoi cé a fhaigheann maoiniú fresin. Ceann de na rudaí a bhí á bplé ná go bhfuil gá le hathbhreithniú maidir le dúnmharaithe a tharlaíonn sa bhaile. Táimid láidir den tuairim go bhfuil gá leis sin. Táim ag súil go dtógfaidh an Rialtas sin ar bord agus go gcuirfidh sé reachtaíocht ar bun cosúil leis an reachtaíocht atá ann i Sasana.
No comments