Dáil debates

Wednesday, 6 March 2019

Ceisteanna Eile - Other Questions

Schools Building Projects Status

10:30 am

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Teachta fá choinne na ceiste. Aontaím leis maidir leis an ábhar seo. Tá sé iontach práinneach. Tá níos mó scoileanna i nDún na nGall ar an bhealach céanna leis na trí scoil atá i gceist. Ba mhaith liom na sonraí seo a leanas a chur ar an taifead. Ar dtús, gabhaim aitheantas do na daoine agus na foirne uilig sna scoileanna éagsúla - Gaelscoil na gCeithre Máistrí, Scoil na nAingeal agus Scoil Mhuire i Srath an Urláir. Mar atá a fhios ag an Teachta, tá Gaelscoil na gCeithre Máistrí ag stage 1 den architectural planning process. Nuair a bheidh na rudaí sin déanta, táim sásta go mbeidh sé ag dul ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile de na forbairtí. Nuair a bheidh na nithe sin socraithe, beidh an togra ag dul ar aghaidh le pleanáil costais. Beidh ullmhúchán de dhíth fá choinne na socruithe ina dhiaidh sin. Bhí mé i Scoil na nAingeal i Leitir Ceanainn mí ó shin agus chas mé leis an fhoireann uilig. Tá siad iontach sásta leis an dul chun cinn atá déanta. Tá an togra sin ag stage 2b. Tá an t-iarratas istigh agus tá athbhreithniú ag dul ar aghaidh i mo Roinn. Tá comhrá ag dul ar aghaidh idir mo Roinn agus an foireann design. Tá an foireann design ag obair ar an iarratas atá le mo Roinn agus ag labhairt fadúda an chéad chéim eile atá de dhíth. Tá sí ag obair ar na riachtanais úra maidir le near zero energy buildings a tháinig isteach in 2017. Is coinníoll úr a tháinig isteach é sin. Mar shampla, beidh coinníollacha maidir le conservation of fuel and energy faoi na rialacháin fhoirgneamh. Beidh coinníollacha le baint amach maidir leis sin. Tá Scoil Mhuire i Srath an Urláir----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.