Dáil debates
Tuesday, 5 March 2019
An tOrd Gnó - Order of Business
3:20 pm
Micheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail) | Oireachtas source
Aontraím leis an rún atá curtha os comhair na Dála ag an Rialtas. Táimid sásta comhaontú leis an Rialtas i gcomhthéacs an Bhille seo. Go bunúsach, tá sé i gcroílár an Bhille seo go mbeidh an tír seo réidh má fhágann an Bhreatain an Aontas Eorpach gan aon chonradh ag leibhéal na hEorpa. Is é sin an méid atá i gceist sa reachtaíocht seo. I ndáiríre, níl cúrsaí polaitíochta go speisialta i gceist anseo. Níl i gceist ach gnáthrudaí an tsaoil a choimeád slán i gcomhthéacs an Bhreatain-----
No comments