Dáil debates

Thursday, 28 February 2019

Withdrawal of the United Kingdom from the European Union (Consequential Provisions) Bill 2019: Second Stage (Resumed)

 

3:20 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá an reachtaíocht lena bhfuilimid ag déileáil ríthábhachtach ar bhealach amháin, ach ar bhealach eile tá súil againn nach mbeidh sé tábhachtach nuair a thagann athrú poirt ar Rialtas Shasana. Tá sé an-tábhachtach go ndéanfaimid déileáil leis an mBille seo agus leis na féidearthachtaí a bheidh ann má tharlaíonn an Breatimeacht ar an 29 Márta seo chugainn. Tá sé ceart agus cuí go bhfuil pleanáil á dhéanamh againn maidir leis an mBreatimeacht. Nuair a bhíomar ag tnúth leis an mBille seo, dúradh linn gur Bille omnibus a bheadh i gceist. Tá go leor Billí a bhí i bhfad níos mó ná 69 leathanach feicthe agam thar na blianta. Dúradh linn go mbeadh 1,000 leathanach i gceist. Tá an t-ádh linn, i slí amháin, nach bhfuil 1,000 leathanach ann.

Cé go bhfuil fadhb agam leis an moladh sa Bhille seo a lán cumhachtaí a thabhairt d'Airí difriúla cinntí a dhéanamh ar ár son i gcruachás na héigeandála a bheidh ann má imíonn an Bhreatain as an Aontas Eorpach gan conradh nó deal a bheith déanta, is dóigh liom go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfaimid an reachtaíocht seo a ritheadh. Measaim nach bhfuil sé iomlán foirfe. Ba chóir go mbeadh i bhfad níos mó sa Bhille. Maidir leis na cumhachtaí atá le bronnadh ar Airí amach anseo, níl mé sásta nach mbeidh na hAirí sin freagrach don Dáil as na cinntí a ghlacfaidh siad más rud é go bhfuil fadhbanna ann. Tá na cumhachtaí sin liostaithe sa reachtaíocht. Ó thaobh cúrsaí sláinte, mar shampla, tá sé ráite sa Bhille gur féidir leis an Aire "with the consent of the Minister for Finance and the Minister for Public Expenditure and Reform, make such order or orders as he or she considers necessary to continue in being or carry out any reciprocal or other arrangements in relation to health services" agus leanann sé ar aghaidh mar sin. Ní dóigh liom go bhfuil éinne i gcoinne na forála sin, ach is dóigh liom go bhfuil fadhb i gceist má táthar ag tabhairt cumhachtaí d'Aire nach mbeadh ag an Aire sin ag aon am eile seachas am éigeandála. Cé go nglacaimid leis go bhfuil éigeandáil i gceist, ba cheart go mbeadh srian leis na cumhachtaí seo.

Ba mhaith liom cásanna éigeandála eile a lua. Mar shampla, tagann rún maidir leis an Offences against the State (Amendment) Act 1998 os comhair an Oireachtais gach bliain. Dhein muid cinnte de go raibh ar an Aire teacht ar ais os comhair an Oireachtais chuile bliain, ar a laghad. Tugann sé sin deis dúinn a chinntiú nach bhfuil mí-úsáid á bhaint as an gcumhacht éigeandála atá i gceist sa chás sin. Bhí cumhachtaí éigeandála eile i gceist nuair a theip ar gheilleagar na tíre seo. Ag an am sin, dhein muid cinnte de go raibh bealaí áirithe istigh sa reachtaíocht chun an t-ábhar a chur ar ais chuig an Teach seo. Bhí sórt oversight ag an Dáil, nó ag coiste Oireachtais, ar úsáid na cumhachtaí sin ionas nach mbeadh mí-úsáid i gceist, nó fiú nach mbeadh bealach eile timpeall ar na cumhachtaí sin.

Is í an fhadhb is mó ná go bhfuilimid ag pleanáil i gcomhair rud atáimid ag súil nach dtarlóidh sé. Cé go bhfuil sé ceart agus cuí a leithéid a dhéanamh, tá gá ann maoirseacht dhaonlathach éigin a bheith ar chinntí na hAirí. Ní Aire amháin a bheidh i gceist. Tá an tAire Sláinte luaite agam, ach measaim go ndéanann an reachtaíocht seo tagairt do sheisear Aire gur féidir leo cinntí a ghlacadh gan aon fhreagracht, nó aon dualgas orthu teacht at ais chuig Tithe an Oireachtais. Tá dualgais orthu, dar ndóigh, as na cinntí a ghlacann siad. Caithfidh siad an fhreagracht sin a bheith acu i dtús báire mar chuid den Rialtas. Is féidir linn iad a cheistiú anseo, ach ní gá dóibh tacaíocht na Dála a fháil agus iad ag iarraidh cloí leis na cinntí sin. Faoi láthair, mar shampla, tá cinntí á nglacadh ag an Rialtas gan tacaíocht ó thromlach na Dála. Tugann an struchtúr atá ag an Dáil i láthair na huaire deis don Rialtas leanúint leis an gcur chuige sin.

Is dóigh liom gur cheart dúinn athruithe a dhéanamh sa chomhthéacs seo. Beimid ag déileáil leis an gceist sin an tseachtain seo chugainn. Ba cheart dúinn a chinntiú go bhfuil bealach éigin ann tuairisciú ar ais a eagrú. B'fhéidir gur chóir go mbeadh ar an Dáil tacaíocht a thabhairt do na cinntí seo i bhfoirm rún nó a leithéid - roimh ré, más féidir, nó ina dhiaidh muna féidir é sin a dhéanamh i gcás éigeandála. I roinnt cásanna, ní aithneoidh muidne cuid de na fadhbanna a thiocfaidh chun cinn tar éis na Breatimeachta go dtí go dtarlaíonn siad. B'fhéidir nach mbeidh aitheantas á thabhairt do cheadúnas éigin nó ceadúnas eile. Fiú an tseachtain seo, tá sé feicthe againn go bhfuil gá le mionathruithe ón Rialtas chun déileáil le ceisteanna a ardaítear. Nuair atá an reachtaíocht seo á phlé againn ar Chéim an Choiste an tseachtain seo chugainn, b'fhéidir go mbeidh ceisteanna eile tar éis teacht chun solais. B'fhéidir go mbeidh orainn aitheantas a thabhairt d'eagras, do cháilíocht nó do riail éigin sa Bhille seo. B'fhéidir go mbeidh orainn teacht ar ais le Bille eile go luath tar éis an 29 Márta chun na poill atá fágtha sa reachtaíocht seo a líonadh agus cosaint éigin a thabhairt.

Sa deireadh thiar thall, tá sé i gceist againn anseo cosaint a thabhairt do shaoránaigh na hÉireann, go háirithe, agus do gheilleagar na hÉireann, agus a chinntiú nach mbeidh dochar déanta dóibh. Ní ceart go gcuirfear srianta nó bacanna roimh na mic léinn agus na tiománaithe atá ag taisteal Thuaidh-Theas, nó ag bogadh ó chuid amháin den oileán go dtí cuid eile, nó fiú trasna na hoileáin. Tá sé i gceist againn aitheantas breise a thabhairt don chomhlimistéar taistil, atá aitheanta againn ó na 1920í ar aghaidh. Ba cheart go mbeadh breis seasamh ag an gcomhlimistéar sin ar aon leis na rialacha eile atá i bhfeidhm idir an dá thír le fada an lá, fiú roimh an Aontas Eorpach. Tá sé aitheanta againn go bhfuil sé riachtanach go mbeadh ceangal nó buntáiste ann dúinn thar an Aontas Eorpach. Tá an saol athruithe ó déanadh roinnt de na cinntí éagsúla i dtaobh na conarthaí idir an dá stát ar an dá oileán. Toisc gur ghlac muid ballraíocht san Aontas Eorpach, táimid ag brath ar rialacháin nó directives a thagann ón Aontas, ach nach bhfuil cosaint dhleathach acu ó thaobh Éire agus Sasana toisc go bhfuil Sasana ag imeacht, má imíonn siad. Is gá dúinn an chosaint sin a chur ar fáil ar bhealach amháin nó bealach eile.

Níor labhair mé mórán faoin mBreatimeacht go dtí seo. Nuair a bhí mé ag caint le duine thar an deireadh seachtaine, dúirt sé liom go bhfuil sé ceart go leor bheith ag caint faoin mBreatimeacht, ach caithfear a thuiscint gurb é an leigheas ar fhadhb na Breatimeachta ná an Sasimeacht. Aontaím leis a mhéid a bhí le rá aige. Ba cheart dúinn féachaint ar conas bogadh ar aghaidh. Don chéad uair i mo shaol polaitíochta, toisc na Breatimeachta tá daoine ag caint faoi leigheas na críochdheighilte in Éirinn. Tá siad ag teacht ar an tuairim a bhí agam i gcónaí - gur chóir go mbeadh Sasimeacht. Bheadh sé i bhfad níos éasca dá mbeadh sé sin tar éis tarlú, mar bheadh leigheas éigin ar a lán de na ceisteanna atá ag déanamh tinnis dúinne sa Bhille seo. Ní leigheasfadh sé gach fadhb - fós bheadh ar na trucks agus a leithéid ag dul trí Shasana toisc nach bhfuil an B&I, mar shampla, againn. Níl ár longa farantóireachta féin againn mar Stát. Tá an cuma air nach bhfuilimid tar éis bheith gafa le haon chuid den chaimiléireacht atá ag tarlú i Sasana maidir le longa farantóireachta. Ní féidir de roinnt de na calafoirt sa tír sin glacadh le longa móra. Tá siad tar éis deontais móra a fháil chun longa farantóireachta a ghlacadh. Tá daoine éigin i Sasana chun tairbhe a bhaint as seo. Is í an fhadhb atá againn in Éirinn ná nach bhfuilimid tar éis na pleanála sin a dhéanamh. Níl an t-airgead againn, agus anois tá an cuma ar an scéal nach bhfuil an t-am againn.

Nuair atá leoraithe lastais ag dul go dtí an Eoraip, caithfidh siad dul trí Shasana don chuid is mó. Measaim go mbeidh fadhbanna againn amach anseo. Ba chóir dúinn i bhfad níos mó a dhéanamh le díriú isteach ar conas is féidir linn ceangail níos fearr a dhéanamh dóibh siúd atá ag scaipeadh earraí timpeall na hEorpa. Ba cheart go mbeidís in ann na hearraí sin a thógáil chuig an margadh chomh tapa agus is féidir, agus chomh saor agus is féidir. Ní ceart go mbeadh bacanna orthu má éiríonn fadhbanna idir Shasana agus an chuid eile den Aontas Eorpach ag Dover nó aon chalafort eile amach anseo. Cé nach ngoileann fadhbanna bunúsacha den tsórt seo ar an gcuid is mó den phobal faoi láthair, goilfidh siad orthu an-tapa má thosaíonn praghsanna na hearraí ag ardú amach anseo, nó muna bhfuil tús áite á fháil againn ar margaí na hEorpa san am atá amach romhainn, toisc go bhfuil moill ar ár n-earraí a sroichint an Mhór-Roinn.

Ardaíonn an Bille seo roinnt ceisteanna eile maidir leis an gcóras leasa sóisialta agus an cód cánachais. Tá a lán eile sa reachtaíocht. Bhí mé ag lorg cruinniú leis an Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta chun féachaint ar impleachtaí na Breatimeachta don Roinn sin. Cé gur mhínigh an tAire Stáit, an Teachta Kyne, dúinn nach bhfuil mórán impleachtaí ag an mBreatimeacht don Roinn, níl mé cinnte gurb í sin an fhírinne. B'fhéidir gur cheart dúinn filleadh ar an gceist sin. Cén stádas a bheidh ag na EU directives, ar nós an habitats directive, nach stopann ag an Teorainn? Ós rud é go bhfuil an Bhreatain ag imeacht, beidh stop reachtúil ann seachas stop sa timpeallacht. Leanann an timpeallacht trasna na Teorann. Is cuma leis na héin cá bhfuil an Teorainn. Ní aithníonn siad aon teorainn. Ní aithníonn na crainn nó - go minic - na feirmeacha an Teorainn. Má tá dhá réimeas dhifriúla ar an oileán seo, cruthófar fadhbanna amach anseo ní hamháin ó thaobh na timpeallachta ach freisin ó thaobh coinníollacha oibre, pá agus ceisteanna eile a dhéanann tinneas dúinn.

Mar phoblachtánach, tagann ceist na Teorann chun cinn sa chomhthéacs seo. Tá roinnt de mo chomhghleacaithe tar éis na ceiste sin a ardú. Is cuimhin liom stair an Teorainn. Is cuimhin liom an tionchar ar fad a bhí ag Teorainn Shasana ar phobal an cheantair go háirithe, agus ar an oileán seo i gcoitinne. Bhí cead againn dul thar an Teorainn ag na ghnátháiteanna ina raibh bacanna móra curtha suas ag arm Shasana, mar shampla in Iúr Cinn Trá. Dhein daoine cliste a bhí ag iarraidh dul sa seans, agus nach raibh ag iarraidh suí i scuaine in Iúr Cinn Trá ar feadh uair an chloig, iarracht dul thar an Teorainn ar unapproved road. Bhí a lán bóithre den tsórt sin ann. Is cuimhin liom freisin tréimhse sna 1980í nuair a dhein an gnáthphobal iarracht teacht timpeall ar a lán de na háiteanna ina raibh arm Shasana tar éis blockages a chur trasna na mbóithre, poill a chur sna bóithre nó na droichid a phléascadh díreach chun an Teorainn a chur i luí i gceart i measc an phobail.

Is cuimhin liom na border-busters a bhí ann ag an am. Fágadh daoine Baile Átha Cliath ar bus gach uile deireadh seachtaine. Théidís dul suas go dtí an Teorainn lena gcuid sluaisaid agus a leithéid. Bheadh JCB ann chun bóthar a thógáil timpeall an bac. Taispeánann sé sin cé chomh mór is a bhí ghnáthphobal an cheantair ag iarraidh teacht timpeall ar an Teorainn chun a gcuid oibre laethúil a dhéanamh, mar shampla mar fheirmeoirí. Ní raibh na bóithre seo oiriúnach do trucks, busanna nó a leithéid. Bhí gnáthdhaoine ag iarraidh beithígh a thógaint ó thaobh amháin den Teorainn go dtí an taobh eile. Bhí siad ag dul go dtí an margadh. Bhí sé mar bhuntáiste i gComhaontú Aoine an Chéasta gur cuireadh deireadh lena lán de na bacanna sin. Measaim go bhfuil breis is 300 bealach trasna na Teorann idir an Stát seo agus an stát sa Tuaisceart anois. Léiríonn sé sin go bhfuil sé beagnach dodhéanta teorainn a bheith idir an dá stát ar an oileán seo. Ba chóir dúinn ár ndícheall a dhéanamh a chinntiú nach dtiocfaidh sé sin ar ais arís.

Léiríonn scéal na border-busters cé chomh díograiseach is a bhí na daoine. I mo thuairim, bheidís gach cuid chomh daingnithe amach anseo. Tá gnáthphobal na ceantair agus na contaetha atá gafa leis an Teorainn tiomanta nach rachfaimid riamh ar ais go dtí an tslí a raibh an Teorainn sna 1980í agus na 1990í, go háirithe. Is é sin an fáth go bhfuil formhór na ndaoine ag impí go huile is go hiomlán ar Rialtas Shasana na haitheantais agus na cosanta cuí a thabhairt do Chomhaontú Aoine an Chéasta agus na forálacha sa Chomhaontú a bhain na bacanna ó cheantar an Teorainn, agus gan glacadh le haon Breatimeacht a chuireann Comhaontú Aoine an Chéasta, agus an mhéid a tháinig as, i ndainséar. Má théann Rialtas Shasana thíos an treo sin, cuirfidh siad leis an Sasimeacht agus leis an éileamh atá ann an tír seo a aontú arís. I mo thuairim, ba chóir go mbeimid ag díriú isteach ar cheist na athaontaithe pé scéal é. Ní cóir go mbeimid ag díriú isteach uirthi toisc go bhfuil an Breatimeacht ag tarlú - ba cheart dúinn díriú isteach uirthi ar bhonn difriúil ar fad - ach déanfaimid é sin más gá.

Ba mhaith liom ceist mhór a lua nár chuala mé go leor trácht uirthi go dtí seo. Glacaim leis go bhfuil na hAirí, na hoifigigh agus na Státseirbhísigh ag déileáil leis go ciúin. Má tharlaíonn an Breatimeacht agus an éigeandáil lena bhfuilimid ag déileáil sa reachtaíocht seo, an bhfuil ciste ann chun cúiteamh nó cuidiú a thabhairt do ghnáthfheirmeoirí, do ghnáthtionscnaimh agus do ghnáthphobail na tíre seo a bheidh thíos leis? Muna bhfuil an tAontas Eorpach sásta cuidiú linn ar bhealach amháin nó bealach eile, beidh muidne thíos leis agus beimid ar ais san áit ina rabhamar deich mbliana ó shin nó b'fhéidir níos faide siar. Ba cheart go mbainfidh an chéad díospóireacht eile a bheidh againn leis an gcaoi inar féidir linn. Nílim ag rá go mbeimid spleách ar an Eoraip go dtí deireadh an domhain, ach go mbeimid spleách orthu muna bhfuil aon bhealach amach againn. Sa chás seo, agus an tóin ag titim as an margadh orainn muna féidir linn lastas agus earraí a thógaint go dtí an margadh, tá seans ann go gcuirfidh bacanna agus rialacha an Aontais Eorpaigh isteach orainn. B'fhéidir go mbeidh srian ar mhic léinn agus a leithéid amach anseo.

Táimid ag fáil cúiteamh faoi láthair. Tá cúiteamh ann tríd an globalisation fund má dhúnann ionad sa Stát seo toisc go bhfuil an comhlacht ag bogadh go dtí áit éigin eile san Aontas Eorpach. I gcás mar sin, is féidir leis an Stát airgead a lorg chun oideachas a thabhairt do na gnáthoibrithe agus cuidiú leo poist eile a fháil. Is dóigh liom go bhfuil a leithéid de globalisation fund na hEorpa ag teastáil sa chomhthéacs seo. Nílim ag rá go mbeadh deontais ar fáil go huathoibríoch, ach go mbeadh bealach éigin ann teacht ar airgead éigin chun cuidiú leis na háiteanna iargúlta, sa chuid is mó, atá i gceist anseo. Nílim ag caint faoi Bhaile Átha Cliath. Beidh daoine le monarchana beaga i gContae Liatroma, i dTír Chonaill nó fiú thíos i gCiarraí atá ag brath ar mhargadh an Aontais Eorpaigh, nó fiú ar mhargadh Shasana, thíos leis má theipeann ar sterling. Muna féidir leo an margadh a shroichint, beidh siad thíos leis. Measaim go gcaithfidh an tAontas Eorpach seasamh isteach. Ba cheart dúinn tosnú ag féachaint ar an gceist sin agus déileáil leis anois.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.