Dáil debates

Wednesday, 27 February 2019

Withdrawal of the United Kingdom from the European Union (Consequential Provisions) Bill 2019: Second Stage (Resumed)

 

11:40 am

Photo of Pearse DohertyPearse Doherty (Donegal, Sinn Fein) | Oireachtas source

Cuirim in iúl mo bhuíochas fá choinne an deis a bheith agam labhairt ar an Bhille seo. Is Bille cuimsitheach é atá curtha chun tosaigh os comhair na Dála. Bhí sé á phlé inné freisin. Mar a dúirt mo chomhghleacaithe a labhair ar an díospóireacht go dtí seo, ár gceannaire, an Teachta McDonald, agus ár n-urlabhraí um Bhreatimeacht, an Teachta Cullinane, beimid ag tabhairt tacaíochta don Bhille seo ach beimid ag cur leasuithe síos chun é a dhéanamh níos fearr agus chun díriú isteach ar cheantair agus áiteanna nach bhfuil go leor déanta iontu ná go leor beartaithe dóibh ó thaobh an Rialtais de le dul i ngleic leis na fadhbanna ollmhóra a bheas ann mar gheall ar an Bhreatimeacht.

Baineann páirt mhór den Bhille seo le cúrsaí airgid agus leis an Roinn Airgeadais. Is rudaí teicniúla atá bainte leis na moltaí atá curtha chun tosaigh atá ann i bpáirt mhór den Bhille. Is é an rud atá ar chúl é seo ná go gcoinníonn sé an córas mar atá sé i bhfeidhm i ndiaidh na Breatimeachta. Glacaimid leis sin.

Deirtear linn go bhfuil an toil pholaitiúil ann ó thaobh an Bhreatain de agus go gcuirfear na moltaí céanna i bhfeidhm sa dóigh is go mbeidh na deiseanna céanna ag Éireannaigh sa Bhreatain ó thaobh na cánach de. Caithfimid cinntiú go dtarlaíonn sin ach caithfimid a admháil feasta nach bhfuil sé chomh furasta sin toisc go bhfuil an dá chóras cánach difriúil óna chéile. Glacaimid leis an méid atá ráite, is é sin go bhfuil an toil pholaitiúil ann leis an rud atá muidne á dhéanamh sa Pharlaimint seo á dhéanamh i bParlaimint Shasana freisin sa dóigh nach mbeidh impleachtaí dona ann d'Éireannaigh atá i Sasana agus a íocann a gcuid cánach ansin.

Caithfimid glacadh leis, agus admhaíonn muid, go bhfuil cuid mhór de na gnéithe a bhaineann leis an Bhille seo sealadach agus go bhfuil sé beartaithe go mbeidh siad ann sa ghearrthéarma amháin. Tuigimid go maith, ó thaobh cúrsaí polaitiúla de, gur féidir le rudaí sealadacha a mhaireachtáil sa fadtéarma mura bhfuil scrúdú agus maoirseacht cheart déanta orthu. Caithfimid déanamh cinnte go mbeidh sin déanta.

Sula dtéim isteach sna himpleachtaí cánach agus cúrsaí níos leithne ó thaobh cúrsaí airgeadais agus eacnamaíochta de, ba mhaith liom cúpla rud beag a rá ó thaobh ábhair nach bhfuil clúdaithe sa Bhille. Mar shampla, níl aon rud sa Bhille ó thaobh an Teorann de. Is é sin an príomhthosaíocht atá ann ó thaobh na Breatimeachta. Ar lámh amháin bíonn commitment ag teacht ón Rialtas nach mbeidh teorainn chrua ann, agus ar an lámh eile tá an fhíric ann go mbeidh an Teorainn idir Dún na nGall agus Tír Eoghain agus idir Muineachán agus Fear Manach ina teorainn idirnáisiúnta idir an tAontas Eorpach agus an Bhreatain má imíonn an Bhreatain ón Aontas Eorpach gan phlean. Tá fadhbanna leis an dá ráiteas sin a thabhairt le chéile. Ar an drochuair nílimid ag cluinstin cad iad na pleananna atá ag an Rialtas chun cinntiú nach éireoidh an Teorainn, atá ann ag an bpointe agus atáimid ag iarraidh réiteach a fháil di, níos crua do na daoine, cosúil liom féin agus cuid mhór de mo chomhghleacaithe i nDún na nGall, a thrasnaíonn í go laethúil nó go seachtainiúil. Deirtear linn i gcónaí go gcaithfimid na comhráite crua a bheith againn leis an Aontas Eorpach, ach is beag tacaíocht é sin do ghnólachtaí beaga, d'fheirmeoirí agus do dhaoine atá ag taisteal an Teorainn sin lá i ndiaidh lae gan a fhios a bheith acu caidé atá ag dul a tharlú taobh istigh de ceithre seachtaine.

Maidir le cúrsaí eacnamaíochta níos leithne, dúirt an tAire Airgeadais leis an Chomhchoiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú, agus an Taoiseach go mbeidh scrúdú níos doimhne á dhéanamh ag an Roinn agus ag an ESRI agus go mbeidh a dtuarascáil foilsithe níos moille sa dara ceathrú den bhliain seo. Tá a fhios againn uilig go mbeidh an Bhreatimeacht thart faoin dara ceathrú den bhliain. Beidh an damáiste déanta faoin am sin. Is sampla eile é seo den mhéid réamhoibre nach bhfuil déanta ag an Rialtas seo ó thaobh na Breatimeachta, cé go raibh a fhios againn go raibh sé seo ar na bacáin le níos mó ná dhá bhliain.

Tá an tiománaí atá ag dul trasna na Teorann go laethúil ná go seachtainiúil fágtha ar an trá fholamh arís toisc nach bhfuil an réamhobair déanta ag an Rialtas ón taobh seo. Mar shampla, táimid anois ag cur scairt gutháin ar ár gcomhlachtaí árachais ag iarraidh a fháil amach an bhfuil an cárta glas le fáil againn. Má chuirimid an cheist fá choinne na gcártaí glasa ag an bpointe seo, táimid ag fáil amach go mbeidh siad ag baint amach táille orainn. Tá a fhios againn go bhfuil tíortha eile taobh amuigh den Aontas Eorpach nach bhfuil gá ag a ndaoine na cártaí glasa seo a fháil. Tuigimid go mbeidh cead ag tiománaithe le ceadúnais tiomána Éireannacha sa Bhreatain - in Albain, sa Tuaisceart, ná sa Bhreatain Bheag - tiomáint i ndiaidh na Breatimeachta ach go gcaithfidh tiománaithe le ceadúnais Shasanaigh sa tír seo a gceadúnais a athrú agus go gcuirfear pionós agus an dlí orthu mura déanfaidh siad sin agus má thiomáineann siad i ndiaidh na Breatimeachta. Léiríonn sé seo arís an méid réamhoibre nach bhfuil déanta ag an Rialtas ó thaobh na Breatimeachta.

The tax measures before us are about maintaining the status quoand, in the normal course of a finance Bill, I would object to a number of such measures on the basis that I believe some of them to be unjustifiable. I recognise that we are in a different situation and that this is a continuation of existing measures in regard to Brexit, but I will consider the issue before Committee Stage.

There is a complete disregard in this Brexit Bill of the impact on the regions and absolutely no impact assessment has been done on how regions will be impacted. We have heard from all the experts that the south east and the north west are going to be most seriously impacted outside the Six Counties. Donegal is not in a position to take any impact from Brexit. Results of surveys coming out today show that the county has the highest levels of poverty and, because a person is born there, he or she is more likely to be poor than if he or she had been born in any other county in the State. Because they are born in Donegal, people there are less likely to be in employment than if they had been born in any other county and likely to have less disposable income and worse health outcomes. Brexit is going to impact on Donegal more than it will on many other regions and counties in the State, but there is not one thing in this Bill in terms of regional support for a county that is crying out for it because of the neglect of this and previous Governments. This needs to be put right and the Government needs to fix it.

The Minister needs to understand that Donegal is no longer going to be tolerated as an afterthought. The fact that the Government has not done this screams loudly of the disrespect and disregard it has for the regions that are going to be affected by this British policy.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.