Dáil debates

Tuesday, 26 February 2019

An tOrd Gnó - Order of Business

 

3:25 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

I dtreo deireadh na bliana anuraidh, chuir mé ceist mar gheall ar Bhille na dteangacha oifigiúla. Bliain na Gaeilge a bhí ann an tráth sin. Níor deineadh dul chun cinn maidir leis an Acht sin anuraidh. Bhí an tArd-Aighne á scrúdú. Tuigim go bhfuil sé á scrúdú faoi láthair agus tuigimid go léir go mbeidh reachtaíocht maidir leis an mBreatimeacht á phlé ar feadh cúpla seachtain. An bhfuil aon ullmhúchán á dhéanamh faoi láthair chun Bille na dteangacha oifigiúla a thabhairt chun cinn? An mbeidh sé ullamh nuair a bheidh an reachtaíocht i gcomhair na Breatimeachta críochnaithe? An mbeimid ábalta brú ar aghaidh leis gan a thuilleadh moill ag deireadh na míosa?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.