Dáil debates

Wednesday, 20 February 2019

Confidence in the Minister for Health: Motion (Resumed)

 

5:15 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is duine deas lách é an tAire. Ní ar bhonn pearsanta a deirim inniu nach bhfuil muinín agam as mar Aire. Níl muinín agam as an Rialtas ach oiread. Tríd is tríd, níl an cur chuige aige maidir le cúrsaí sláinte ná cúrsaí eile a luíonn le leas ghnáthphobal na tíre seo. Tá sé in am imeacht. Is ag teip atá an Rialtas i ngach gné den chóras sláinte. Ní gá ach féachaint ar an 700,000 atá ar na liostaí feithimh, iad siúd atá ag fanacht ar obráidí ná ar shainchomairleach mór dochtúra. Is iadsan na daoine a bhfuil an Rialtas ag loic orthu. Nílim ag caint faoin Aire amháin ach faoin Taoiseach a bhí ina Aire roimhe, faoin Seanadóir Reilly roimhe, agus faoi réimeas Fhianna Fáil. Cad faoi na páistí atá ag fanacht ar theiripe urlabhra agus teanga sna scuainí feithimh atá ag éirí níos faide? Cad faoi siúd atá ag fanacht mar othair sna haonaid timpiste agus éigeandála? Ardaíonn an méid dóibh níos mó go rialta. Is i mo cheantar féin atá an scannal is déireanaí. Ba ceann dóibh a thacaigh leis an ospidéal nua leanaí mé, ach ní raibh mise ná aon duine eile sásta é a thógáil ar aon chostas. Tá an costas seo ag dul go hiomlán as smacht. De réir sin, tá muinín as an Aire caillte agam. Tá sé in am dó imeacht. Mar chuid do mo dhualgas mar ball den Fhréasúra, táim ag cur an vóta seo anocht.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.