Dáil debates

Tuesday, 12 February 2019

An tOrd Gnó - Order of Business

 

3:05 pm

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Is é gnó an lae inniu ná Uimh. 13, tairiscint maidir le ceadú beartaithe ag Dáil Éireann i ndáil le téarmaí Choinbhinsiún Minamata na Náisiún Aontaithe ar ais ón gcoiste; Uimh. 14, tairiscint maidir le róta na nAirí i gcomhair ceisteanna parlaiminte, an Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta agus an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionnanas; Uimh. 15, tairiscint maidir le Buan-Orduithe 22, 23, 28, 29A agus 70; Uimh. 16, tairiscint maidir le ceadú beartaithe ag Dáil Éireann i ndáil le téarmaí an choinbhinsiúin maidir le slándáil shóisialach idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Tuaisceart Éireann a tharchur chuig roghchoiste; Uimh. 1, an Bille um an Dlí Coiriúil (Extraterritorial Jurisdiction) 2018, ar ais ón Seanad, An Dara Céim agus Uimh. 2, an Bille um Chosaint Tomhaltóirí (Gift Vouchers) 2018 [Seanad], An Dara Céim. Is é Gnó Comhaltaí Príobháideacha an lae inniu ná Uimh. 28, Bille an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (Leasú) 2017 ó Fianna Fáil, An Dara Céim.

Is é gnó na Céadaoin ná ráitis comhbhrón maidir le hiarTheachtaí Dála Brendan McGahon agus Seymour Crawford; Uimh. 38, An Bille um Thorann Aerárthaí (Aerfort Bhaile Átha Cliath) a Rialáil 2018, Ordú don Tuarascáil, An Tuarascáil agus An Chéim Dheiridh agus Uimh. 1 agus Uimh. 2, mura mbeidh siad críochnaithe roimhe sin. Is é Gnó Comhaltaí Príobháideacha na Céadaoin ná Uimh. 215, tairiscint maidir le stailc na haltraí agus na mná cabhracha, Solidarity-People Before Profit.

Is é gnó na Déardaoin ná Uimh. 17, tairiscint maidir le Comhaontú Aerseirbhís idir Éire agus Hong Kong; Uimh. 1 agus Uimh. 2 mura bhfuil siad críochnaithe roimhe sin agus Uimh. 39, an Bille chun Mangaireacht Ticéad os cionn Costais a Thoirmeasc 2017, An Dara Céim (atógáil). Is é Gnó Comhaltaí Príobháideacha na Déardaoin ná Uimh. 216, tairiscint maidir le daoine gan dídean, Independents 4 Change agus Uimh. 59, an Bille um Chumainn Tionscail agus Soláthair (Leasú) 2018, An Dara Céim.

Regarding arrangements for the business for the week, for today's business it is proposed that:

1. Nos. 13, 14, 15 and 16 shall be taken without debate and any division demanded on the motion regarding changes to Standing Orders shall be taken immediately; and,

2. No. 58, Criminal Law (Extraterritorial Jurisdiction) Bill 2018 [Seanad] - Second Stage, shall conclude within two hours.

For Wednesday’s business it is proposed that expressions of sympathy shall be taken after Leaders’ Questions for a period not exceeding 15 minutes each, which shall be followed by Questions on Promised Legislation and contributions shall not exceed two minutes each.

For Thursday’s business, it is proposed that:

1. No. 17 shall be taken without debate; and,

2. No. 216 shall conclude within two hours and shall be taken in Government time; the speaking arrangements under Standing Order 144 shall apply; and the rota for Private Members’ business outlined in Standing Order 143F shall not be affected.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.