Dáil debates

Thursday, 7 February 2019

Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation

 

12:40 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Luaitear i gclár oibre an Rialtais go ndíreoidh an Rialtas ar chothú fostaíochta sa Ghaeltacht trí Údarás na Gaeltachta agus go gcuirfear straitéis i bhfeidhm chun fás fostaíochta a leathnú amach. Luaitear é sin sa phlean gníomhaíochta, sa phlean náisiúnta, agus sa mhéid sin cáipéisí eile nach bhfuil mé in ann iad a chur in iúl anseo. In ainneoin sin, tá sé tagtha chun solais go bhfuil an comhlacht HID Global, atá lonnaithe i gcroílár na Gaeltachta ar an Tulaigh in Indreabhán, ag athlonnú go dtí cathair na Gaillimhe. Ar lámh amháin tá an Rialtas ag rá go bhfuil an Ghaeltacht thar a bheith tábhachtach agus go bhfuil sé tábhachtach fostaíocht a chothú agus jabanna agus poist a choinneáil ó thaobh na Gaeilge agus inmharthanacht na Gaeltachta de ach, ar an lámh eile, tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil áisíneachtaí an Stáit, Údarás na Gaeltachta agus an IDA, ag obair as lámh a chéile chun an comhlacht seo a mhealladh ó chroílár na Gaeltachta go dtí cathair na Gaillimhe. Tá na hAirí sinsireacha agus sóisearacha ar an eolas faoi sin. Tá gá le soiléiriú, le beart práinneach, agus le cruinniú le Teachtaí agus le muintir na háite.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.