Dáil debates

Wednesday, 16 January 2019

Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation

 

12:40 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003 agus an Bille nua atá beartaithe, d'fhoilsíodh an príomhliosta reachtaíochta inné agus ní raibh tásc ná tuairisc ar an mBille nua. Tá sé ardaithe go mion minic. Tugadh geallúntaí sollúnta dom go raibh an Rialtas ar tí an reachtaíocht sin, nó ar a laghad an Bille, a chur os comhair na Dála roimh an samhradh, tar éis an tsamhraidh, agus arís roimh an Nollaig. Ba é an t-aon bhotún a rinne mé ná níor chuir mé an cheist maidir le cén bhliain. Cén bhliain a bheidh an Bille nua le feiceáil?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.