Dáil debates
Thursday, 13 December 2018
Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation
12:50 pm
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Tá Acht nua na Gaeilge geallta le tamall. Tá mé féin agus mo chomhghleacaithe tar éis ceisteanna a chur arís agus arís eile le féachaint cathain a bheidh sé ullamh. Thuigeamar ón Aire i mí na Samhna go rabhthas ag ullmhú chuig na reachtaíochta, go raibh an Roinn agus an Ard-Aighne tar éis an reachtaíocht a scrúdú agus go raibh a ndícheall á dhéanamh ag na hoifigigh leis an mBille a bheith réidh roimh dheireadh na bliana. Táimid anois ag druidim le deireadh Bliain na Gaeilge. An bhfuil sé fós i gceist Bille na Gaeilge a fhoilsiú agus a thabhairt chun cinn le linn Bliain na Gaeilge? Cathain a bheidh sé ann?
No comments