Dáil debates
Thursday, 22 November 2018
Finance Bill 2018: Report Stage (Resumed)
1:35 pm
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Táim chun díriú i dtosach ar leasú Uimh. 21 maidir leis an tuairisc mar tá buairt i measc geallghlacadóirí ar fud na tíre, go háirithe na comhlachtaí beaga áitiúla. Tá brú orthu agus braitheann siad go mbeidh an leasú seo ag teacht isteach go trom orthu agus go gcuirfidh sé fostaíocht i mbaol. Ní theastódh uainn go dtarlódh a leithéid, go háirithe i measc bailte beaga i mo cheantar, ach caithfear rud éigin a dhéanamh. Aithníonn muid go bhfuil fadhb ag go leor daoine, go bhfuil siad ag leagadh síos geallta arís agus arís eile agus go bhfuil sé sin ag cur isteach ar chúrsaí sa bhaile agus go bhfuil fadhbanna ann. Ba chóir go mbeadh srian curtha ar sin agus tacaíocht tugtha dóibh ach b'fhéidir gur chóir an t-ualach a leagadh ar an duine atá ag leagadh an geall in ionad an comhlacht beag agus a bheith ag cur fostaíocht i mbaol. Caithfear athbhreithniú a dhéanamh le féachaint an bhfuil slí níos fearr ann.
Slí amháin nó slí eile, caithfear dul i ngleic leis an bhfadhb. Mar atá leagtha síos i leasú Uimh. 21, ba chóir tuairisc a dhéanamh ar an moladh seo de 2% agus d'fhéadfaí teacht ar ais arís agus féachaint ar cén saghas feabhas a bheadh ann. Cuidim leis an leasú chun fanacht trí mhí agus tuairisc a thabhairt ar ais.
No comments