Dáil debates

Wednesday, 21 November 2018

Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation

 

12:45 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Ní dóigh liom go bhfuil aon rud san uisce ach is dóigh go bhfuil club na mbuachaillí beo bríomhar, faraor.

Is polasaí reatha an Stáit oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán a chur ar fáil. Tá sé sin sa straitéis 20 bliain. Faraor, in 2017 fuair an Coimisinéir Teanga nach raibh an Roinn ag teacht leis an bpolasaí sin agus gur sháraigh sí forálacha an Acht Oideachais nuair a cheap sí patrún ar scoil nua i Marino i nDroim Conrach. Ag eascairt as na conclúidí damanta sin, sheol an Roinn Oideachais agus Scileanna litir chuig an gComisinéir Teanga i mí Aibreáin na bliana seo. Laistigh den litir gheall sí go raibh sí chun an córas a cheartú. In ainneoin an tréimhse ama atá imithe agus in ainneoin na ngeallúintí, níl an córas ceartaithe agus, níos measa fós, tá próiseas eile patrúnachta fógartha ag an Roinn do 12 scoil an bhliain seo chugainn gan an córas a bheith ceartaithe. Tá drogall orm é a rá, ach ba cheart an próiseas a chur ar athló anois go dtí go bhfuil an córas ceartaithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.