Dáil debates

Thursday, 15 November 2018

Ceisteanna - Questions - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Acht na dTeangacha Oifigiúla

10:55 am

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tairgim Uimh. 5 agus Uimh. 9 a ghlacadh le chéile. Mar chúlra, is iarracht í an Bille seo, trí na ceannteidil éagsúla, timpeallacht a chruthú ina mbeidh ról níos lárnaí ag an teanga in obair an Stáit, ina mbeidh an teanga níos feiceálaí, agus ina mbeidh fáil níos leithne ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Agus an Bille a thabhairt chun cinn, cuireadh tréimhse fhada chomhairliúcháin ar bun leis na páirtithe leasmhara. Próiseas an-fhiúntach a bhí ann.

Mar is eol don Teachta, leagadh na Ceannteidil faoi bhráid Chomhchoiste na Gaeilge na Gaeltachta agus na nOileáin agus foilsíodh tuarascáil ag eascairt as an bpróiseas seo roimh an tsamhradh. Tá an tuarascáil sin á scrúdú ag mo Roinn faoi láthair i gcomhthéacs dréachtú an Bhille.

Beidh sé mar chuspóir sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge, go mbeidh gach oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh comhlachtaí poiblí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge. Is í an earcaíocht croílár na ceiste, agus táim dóchasach gur féidir tógáil, ar bhonn chéimiúil, ar líon na bhfostaithe le Gaeilge agus ag eascairt as sin, go mbeimid in ann feabhas a chur ar sholáthar seirbhísí trí Ghaeilge, mar is cóir.

Ó mo thaithí féin, ag déileáil le pobal na Gaeilge agus na Gaeltachta agus ón bhfianaise atá ar fáil ó thaighde ó Oifig an Choimisinéara Teanga, ó na heagrais Ghaeilge agus grúpaí eile, creidim go bhfuil éileamh ann i measc an phobal, ar sheirbhísí a bheith ar fáil i nGaeilge. Ní hamháin sin, ach tá an pobal ag súil go mbeidh na seirbhísí a bheidh ar fáil ar chomhchéim leis na seirbhísí a chuirtear ar fáil i mBéarla.

Tá mo chuid oifigigh ag obair faoi láthair i gcomhréir le hOifig an Ard-Aighne chun Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a dhréachtá. Ag an am céanna, tá comhairliúcháin ar bun ag mo Roinn leis na Ranna Stáit ábhartha, leis an gCoimisinéir Teanga agus le páirtithe leasmhara eile le cinntiú go mbeidh an Bille is fearr agus is éifeachtaí againn le tabhairt os comhair an Oireachtais.

Tá an Bille seo san áireamh i gclár reachtaíochta an Rialtais le bheith foilsithe le linn sheisiún an fhómhair agus an gheimhridh de chuid na Dála.

Tá sé seo pléite agam le na hoifigigh i mo Roinn, leis an Ard-Aighne é féin agus leis na feidhmeannaigh in Oifig an Ard-Aighne. Tá ionadaí ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ag obair ar an mBille seo agus táimid ag déanamh chuile iarracht go mbeidh sé foilsithe roimh dheireadh na bliana. Tá obair ar bun. Tá a fhios agam go raibh na feidhmeannaigh ón Roinn ag obair ar chuid de na Ceannteidil seo i rith an deireadh seachtaine. Tá an t-eolas sin curtha ar fáil do Oifig an Ard-Aighne agus tá siad ag brú ar aghaidh leis an obair.

Aontaím leis an Teachta go bhfuil moill air agus táimid ag déanamh chuile iarracht é a bhrú chun cinn.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.