Dáil debates
Thursday, 8 November 2018
Ceisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh - Questions on Promised Legislation
12:40 pm
Pearse Doherty (Donegal, Sinn Fein) | Oireachtas source
Ba mhaith liom fosta cur leis an méid a bhí ráite fá bhás Mícheál Ó Súilleabháin agus comhbhrón a chur in iúl ó mé féin agus ó pháirtí Shinn Féin dá theaghlach, don chlann ar fad agus dá chairde ar fad. Níl dabht ar bith ann gur laoch mór é ó thaobh an cultúir de a bhí ann agus cé nach bhfuil Mícheál linn níos mó tá a chuid saothair agus oibre linn agus beidh go deo. Ar dheis Dé go raibh a anam dílis.
No comments