Dáil debates

Thursday, 18 October 2018

Health (Regulation of Termination of Pregnancy) Bill 2018: Second Stage (Resumed)

 

2:05 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ní chuirfidh mé an iomarca moille ar an Teach mar tuigim go bhfuil deifir orainn. Tá an-chaint ar an daonlathas le roinnt seachtaine anuas agus is daonlathach mise. Mar sin glacaim leis go raibh vóta ann agus gur glacadh le fáil réidh leis an alt sa Bhunreacht a chuir cosc ar ghinmhilleadh. Ní fios agus ní feasach dom éinne sa tír nó cinnte aon pholaiteoir nach nglacann go hiomlán leis sin. Mar sin tá sé fágthafaoin Oireachtas reachtaíocht a thabhairt isteach agus go deimhin tá reachtaíocht ann cheana féin. An rud a chuireann iontas orm ná go bhfuil gach duine ag súil go mbeidh bunathrú intinne orthu siúd a chreideann go bhfuil an ghin sa bhroinn beo agus gur duine daonna atá ann agus go mba cheart é sin a chosaint. Cuireann sé iontas orm go gceapann na daoine sin go mba cheart go mbeadh claochlú intinne orainn ar an rud a chreidimid go domhain, bunaithe ar eolaíocht.

Mar a dúirt an Teachta Burton ansin, is cuimhin liom an reifreann i 1983. Ní raibh mé sa Teach seo ag an am go deimhin. Bhí mé pósta ag an am, bhí mé ag obair agus bhí gasúir agam ag an am. Tar éis an reifrinn sin bhí daoine ann a chuir ina éadan go láidir. Bhí siad dóite in aghaidh thoradh an reifrinn sin agus lean orthu ag cur in aghaidh an reifrinn go dtí gur éirigh leo sa reifreann le gairid. Aisteach go leor, bhí an toradh nach mór 66% in aghaidh 33% an t-am sin freisin ach ar a mhalairt de bhealach. Ní cuimhin liomsa éinne ag rá ag an am go gcaithfeadh daoine glacadh leis an gcosc agus gan aon rud a dhéanamh chun iontú cinn a bhaint amach agus an pobal a chur ar mhalairt tuairime. Go deimhin féin, bhí go leor a mhol daoine a bhí den tuairim sin agus tá daoine, roinnt bheag acu atá fós sa Teach, a dhéanann maíomh nár aontaigh siad leis an gcinneadh agus gur lean orthu ag troid ina aghaidh. Ach is cosúil nach bhfuil siad sásta an ceart céanna a thabhairt chucu siúd a admhaíonn go hiomlán is go huile, agus atá go breá sásta glacadh leis, go bhfuil an mír sin imithe as an mBunreacht, bíodh siad sásta nó nach mbíodh siad sásta glacadh leis mar tá sé imithe: tá sé sínithe ag an Uachtarán.

Tagraím don daonlathas. Is é an áit a thagann an daonlathas isteach sa Teach seo ná go raibh 60%, 70% nó b'fhéidir 80% den Teach seo tar éis geallúint roimh an reifreann go dtabharfadh siad isteach reachtaíocht a bheag nó a mhór ag luí leis an rud atá ag an Aire agus go gcuirfeadh siad tríd an Teach é. Ba léir ó thús, dá nglacfaí leis an reifreann, go mbeadh Bille os comhair an Tí seo agus go mbeadh móramh mór ar a shon. Ach níl daoine sásta leis sin mar tá siad ag iarraidh go mbeadh 100% ar a shon, is cuma céard a chreideann siad go domhain ina gcloigne agus ina gcroíthe.

Tugaim faoi deara rud éigin eile spéisiúil faoin bplé atá ar bun. Is é sin nach bhfuil éinne ag rá don dream sin a deir nach bhfuil a dhóthain sa rud seo, go bhfuil sé ró-dhaingean agus ró-dhocht agus go mba cheart go mbeadh sé níos scaoilte, gurb é seo an rud a chaith an pobal vóta ar a shon agus gan a bheith ag lorg níos mó. Tá siad ag rá go bhfuil sé fágtha faoin Oireachtas agus más féidir níos mó a bhaint amach, go n-éirí an bóthar leo. Tá easpa cothromaíocht sa chaoi go bhfuil an díospóireacht seo ag dul ar aghaidh.

Go luath an tseachtain seo chugainn, tógfar vóta sa Teach seo. Is dócha go mbeidh mórlach mór i bhfabhar an Bille seo a cheadú ar an Dara Céim agus é a chur ar aghaidh go dtí an roghchoiste. Mar dhaonlathach, glacfaidh mé le sin. Glacaim leis nach ndéanfar aon leasú ollmhór ar an reachtaíocht seo ar Chéim an Choiste nó ar an Tuarascáil. Glacaim leis go mbeidh mórlach mór ar son an Bhille ar an gCúigiú Céim freisin. Tarlóidh an rud ceannann céanna sa Seanad. Ina dhiaidh sin, rachfaidh an reachtaíocht go dtí an Uachtarán ach ní bheidh aon rogha ag an Uachtarán - is cuma cén tUachtarán a bheidh ann - ach é a shíniú ina Acht, ag glacadh leis nach bhfuil aon chuid de nach bhfuil ag teacht de réir an Bhunreachta. Is deacair a fheiceáil go bhféadfadh a leithéid a bheith fíor sa chás áirithe seo, ó tharla go ndeireann an Bunreacht go soiléir anois gur féidir gach rud a bhfuil sa Bhille seo a dhéanamh. Beidh an reachtaíocht seo ina dhlí ansin. Aithneoidh mé mar dhaonlathach go bhfuil sé ina dhlí - gur dlí na tíre atá i gceist - agus is cuma an dtaitneoidh sé liom. Ach an oireadh leis na daoine siar in 1983, ní gá dom a rá go gcreidim gurb é an rud ceart é.

As I said in Irish, there has been much talk about democracy and the will of the people. The chairman of the Referendum Commission was quite clear that the people had voted to leave it to the Members of this House, no more and no less.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.