Dáil debates

Wednesday, 10 October 2018

Financial Resolutions 2019 - Financial Resolution No. 4: General (Resumed)

 

6:35 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Is cinnte go mbeidh mo chomhleacaithe eile ag labhairt fosta. Ar dtús ba mhaith liom cúpla focail a rá fadúda an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Nuair a tháinig mé isteach sa phost mar Aire Stáit san Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta i 2014, ba é an cloch is mó i mo phaidrín ag an am sin ná an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Ag an am sin bhí mé ag ceapadh go mbeadh an straitéis iontach fada agus is sin an fáth gur thosaigh mé i mbun comhairliúcháin cuimsitheach maidir leis sin.

Tagraím don plean gníomhaíochta cúig bliana. Tá sé sin déanta anois agus tá caidreamh níos fearr idir mo Roinn agus an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe mar shampla. Tá an dualgas ar achan Roinn timpeall an Bord Rialtais fosta, mar shampla an Roinn Oideachais agus Scileanna agus is sin an fáth go bhfuil an polasaí oideachais fós le baint amach. Tá an dualgas orainn san Rialtas ní ach amháin don Ghaeltacht ach chun an earcaíocht san earnáil phoiblí a ardú chuig 20% de dhaoine le Gaeilge. Beidh sin déanta nuair a bheidh Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017 déanta an bhliain seo chugainn. Beidh sé foilsithe roimh an Nollag. Chomh maith leis sin tá ról mhór ag an t-údarás. Tá siadsan freagrach as na postanna agus beidh €1.5 milliún breise sa bhuiséad caipitiúil agus chomh maith leis sin beidh an t-údarás freagrach as rudaí ar nós airgead do na comharchumainn. Beidh €500,000 i gceist sa chiste sin agus táim sásta leis an gcinneadh sin. Fuair mé sonraí an seachtain seo chaite agus i rith na bliana bhí na comharchumainn uilig i dteagmháil liom agus le mo comhleacaithe. Bhí mo comhleacaí an Teachta Kyne i gcónaí ag labhairt fadúda an tábhacht a bhaineann leis na comharchumainn. Chomh maith leis sin, tá an plean forbartha déanta agus tá an ciste agus an gealltanas déanta maidir leis an bplean forbartha agus caipitiúil buiséad deich mbliana.

8 o’clock

Tá suas chuig €178 milliún i gceist. Chomh maith leis sin, tá cúpla tograí i nGaillimh agus ar na hoileáin mar shampla. Tá na céanna ar Inis Oirr, Inis Meáin, Tóraigh agus Machaire Rabhartaigh i gceist ansin. Tá cinneadh déanta maidir leis an gealltanas sin agus beimid ag bogadh ar aghaidh leis. Tá €1.5 milliún fá choinne na hoileáin an bhliain seo chugainn agus beimid ag déanamh iarracht ar son na hoileáin amach anseo.

Tagraím don pleanála teanga. Tá an bunlíne ag €2.6 milliún i mbliana agus tá an cinneadh déanta don bhliain seo chugainn go mbeidh €3.2 milliún ar fáil fá choinne an pleanála teanga. Ba mhaith liom mo aitheantas agus mo buíochas a ghabháil leis na daoine uilig a bhí ag obair godian ar an talamh agus nuair a raibh mé i dteagmháil leo ba léir go raibh siad ag labhairt fadúda an cúrsaí pobail, cúrsaí sláinte, daoine óige, seandaoine, an oideachas agus achan rud agus bhí siad ag obair godianar son an teanga agus sin an fáth go raibh mé thar a bheith tiománta. Tá an pobal tiománta agus beidh an bailiú nirt i gceist fosta. Táim thar a bheith sásta leis sin agus faoin éileamh a bheidh ann an bhliain seo chugainn fosta. I mo cheantar, tá cúpla postanna socraithe anois i gCloich Chionnaola, Rann na Feirste agus Gaoth Dobhair. Tá dreamollmhór a bheidh ag obair ar nascanna agus ceangail idir cúrsaí oideachais, sláinte agus cúrsaí eile. Beidh mo chomhleacaithe anseo i gceann deich nóiméad ach mar fhocal scoir, gabhaim mo buíochas leis mo chomhleacaithe agus mo chuid oifigigh a bhí ag obair go dian ar achan plean chun go mbeimis réidh fá choinne an buiséad seo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.