Dáil debates

Tuesday, 2 October 2018

Ceisteanna (Atógáil) - Questions (Resumed) - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Údarás na Gaeltachta

5:20 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Aontaím leis an Teachta go mbeidh rudaí níos soiléire an tseachtain seo chugainn. Bhí cruinniú agam agus ag an Aire sinsearach, an Teachta Madigan, leis an Aire Airgeadais, an Teachta Donohoe, an tseachtain seo caite. Chuir mé fíorbhrú air an t-éileamh maidir leis na rudaí reatha, go háirithe ceist na comharchumainn agus na comhlachtaí atá ardaithe ag an Teachta inniu sa cheist atá os comhair na Dála, a bhaint amach. Tá mé cinnte go bhfuil brú air fosta i gcomhthéacs an chomhaontaithe muiníne agus soláthair idir Fhianna Fáil agus Fine Gael. Le bheith ionraic, tháinig an Teachta Ó Cuív isteach sa bhliain atá imithe thart chun an buiséad caipitil atá ag Údarás na Gaeltachta a phlé liom. Thug an Teachta tacaíocht dom ag an am sin agus bhí sé sin go breá. Níl a fhios agam cén comhráite a bheidh ag dul ar aghaidh idir Fhianna Fáil agus mo pháirtí féin. Níl páirt agam sa chóras sin. Tá mé sásta brú ar aghaidh leis an gcuidiú atá de dhíth ar na comharchumainn agus na comhlachtaí. Tá mé breá sásta obair le chéile leo i dtaobh aon chomhoibriú a bheidh riachtanach sa chomhthéacs sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.