Dáil debates

Tuesday, 2 October 2018

Ceisteanna (Atógáil) - Questions (Resumed) - Ceisteanna ar Sonraíodh Uain Dóibh - Priority Questions

Údarás na Gaeltachta

5:20 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Aontaím leis an Teachta maidir leis an tábhacht a bhaineann leis an ról atá ag na comharchumainn agus na comhlachtaí atá lonnaithe ar na hoileáin agus ar an mórthír. Is as an soláthar airgid a chuirtear ar fáil go bliantúil d'Údarás na Gaeltachta faoi fhomhír C7 de Vóta mo Roinne a chuirtear cúnamh ar fáil d'eagraíochtaí pobalbhunaithe agus comharchumainn Ghaeltachta. Ar ndóigh, ós rud é gur eagraíocht neamhspleách reachtúil í Údarás na Gaeltachta, tuigfidh an Teachta gur faoin eagraíocht féin atá sé breithniú a dhéanamh ar conas is fearr is féidir leas a bhaint as an soláthar sin i gcomhthéacs na gcúramaí atá sainithe di, lena n-áirítear na cúramaí a bhaineann leis an bhforbairt pobail. Ní miste a mheabhrú don Teachta go bhfuil €3.35 milliún curtha ar fáil don údarás faoin bhfomhír seo i mbliana, nó allúntas reatha breise de €100,000 i mbliana i gcomparáid le 2017 agus allúntas breise de €350,000 san iomlán i gcomparáid le 2016.

Faoi mar is eol don Teachta, is trí phróiseas na Meastachán agus na cáinaisnéise a dhéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bliantúil do mo Roinn agus do na Ranna Rialtais go léir. Sa chomhthéacs sin, tuigfidh an Teachta go ndéanfar soláthar airgid d'Údarás na Gaeltachta don bhliain 2019 a mheas i gcomhthéacs an phróisis sin atá ar bun faoi láthair. Agus é sin ráite, ní miste dom a threisiú uair amháin eile go n-aithním, mar Aire Stáit na Gaeltachta, an tábhacht ollmhór atá ag baint leis na comharchumainn agus na comhlachtaí pobalbhunaithe Gaeltachta atá préamhaithe sa bpobal agus lárnach i gcur chun cinn forbairtí áitiúla. Cuireann na comharchumainn agus na comhlachtaí pobalbhunaithe Gaeltachta réimse leathan seirbhísí, áiseanna agus tacaíochtaí ar fáil. Tugann siad guth don phobal agus is feithicil iad chun riachtanais an phobail a aithint agus a shárú. Tá ról leathan acu fosta in úsáid agus i gcur chun cinn na Gaeilge. Is féidir glacadh leis mar sin go leanfaidh mé orm, feadh mo chumais, leis na hiarrachtaí leanúnacha atá ar bun le hallúntas breise a chur ar fáil d'eagraíochtaí pobalbhunaithe agus comharchumainn Ghaeltachta.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.