Dáil debates
Thursday, 12 July 2018
Fossil Fuel Divestment Bill 2016: Report and Final Stages
2:40 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Tá a fhios agam go bhfuil an Ceann Comhairle faoi bhrú agus go bhfuil sé tuirseach ach tá an t-ábhar seo thar a bheith tábhachtach. Tá gá le mionscrúdú a dhéanamh air agus tá gá le chuile dheis a thapú chun cur in iúl chomh tábhachtach agus atá sé. Ní bhíonn mórán deiseanna againn. Is é seo an dúshlán is mó dúinn sa Dáil seo. Má theipeann orainn céimeanna a thabhairt maidir le hathrú aeráide tá an cath caillte.
No comments