Dáil debates

Thursday, 21 June 2018

Other Questions

Forbairt na nOileán

4:05 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Tugann mo Roinn cuireadh bliantúil do chomhairlí chontae a bhfuil oileáin faoina gcúram iarratas a chur chuici ar chomh-mhaoiniú do thograí mionoibreacha ar na hoileáin úd. Níos túisce i mbliana, rinne mo Roinn amhlaidh d'fhonn clár a cheadú do 2018. Tá na hiarratais á cuireadh chuici á meas ag mo Roinn faoi láthair. Is buiséad caipitil de €1.344 milliún san iomlán atá ar fáil don Roinn i mbliana do thograí oileánacha. Nuair a chuirtear maoiniú do mhórthogra forbairt Ché Inis Oírr an áireamh, meastar go mbeidh thart ar €1 milliún ar fáil le cur i dtreo mionoibreacha i mbliana.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.