Dáil debates
Tuesday, 19 June 2018
Order of Business
3:40 pm
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá an dáta socruithe chun an plean gníomhaíochta a lainseáil - an 29 Meitheamh i nGaoth Dóbhair i mo chontae féin. Ba mhaith liom cuireadh a thabhairt d'achan duine sa Teach seo agus sa Seanad chuig lainseáil an phlean. Beidh sé réidh le lainseáil ar 29 Meitheamh. Is é mo bharúil go mbeidh sé os comhair bhord an Rialtais an tseachtain chéanna. Ní bheidh aon dhifir idir inniu agus an Máirt seo chugainn. Beidh sé réidh le foilsiú dé hAoine an tseachtain seo chugainn.
No comments