Dáil debates
Tuesday, 19 June 2018
Order of Business
3:40 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Bheinn buíoch don Cheann Comhairle cabhair a thabhairt dom freagra a fháil ón Taoiseach maidir leis an bplean gníomhaíochta don Ghaeilge. Níl a fhios agam an bhfuil rudaí ag éirí níos measa de bharr go bhfuil an cheist ardaithe go mion minic agam, ach fuair mé geallúintí. Thug an tAire sóisearach a bhriathar ar 2 Meitheamh go mbeadh an rud ag dul os comhair an Cabinet inniu. An bhfuil an plean gníomhaíochta don Ghaeilge curtha os comhair an Cabinet? Seo Bliain na Gaeilge. Is bliain na géarchéime í i ndáiríre.
No comments