Dáil debates

Tuesday, 12 June 2018

Topical Issue Debate

Road Improvement Schemes

7:10 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

I dtús báire ba mhaith liom a rá gur maslach é freagra a thabhairt i mBéarla. Seo Bliain na Gaeilge. Mar Chathaoirleach Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, cuireann sé isteach go mór orm go bhfuil an freagra i mBéarla. Sin rud amháin. Araon le mo chomhghleacaí, fáiltím roimh an dá alt deireanach. Tá rud dearfach ansin. Tá litir os mo chomhair anseo ón innealtóir is sinsearaí sa chomhairle contae ag rá gur chuir an chomhairle iarratas isteach, go raibh an t-iarratas sin os comhair na Roinne ó Mí Eanáir, agus go bhfuil sé ag fanacht ar fhreagra. Dúirt sé go bhfuair sé glaoch gutháin tar éis an t-iarratas a chur isteach agus go ndúradh leis go raibh scéim dheontais faoi leith ann agus go raibh an Roinn ag breathnú ar an gceist seo faoin deontas sin. Tá iarratas curtha isteach de réir mar a thuigim. Is maslach ar leibhéal eile an freagra seo mar níl a obair bhaile déanta ag an Roinn maidir leis na comhaid atá agam anseo agus maidir leis an uafás litreacha agus iarratas atá curtha isteach. Ar a laghad, an dtabharfaidh an tAire Stáit soiléiriú dúinn anois mar gheall ar an iarratas atá curtha isteach ag an gcomhairle contae?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.