Dáil debates

Tuesday, 12 June 2018

Topical Issue Debate

Road Improvement Schemes

7:10 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Fáiltím go mór roimh an dá alt deiridh den mhéid atá ráite ag an Aire Stáit. Beimid ag cur ceiste anois ar Chomhairle Contae na Gaillimhe an bhfuil sé i gceist aici measúnú a dhéanamh ar Bhóthar Dhoire Fhearta le cur chuig an Roinn. Tá dhá cheist agam don Aire Stáit. An bhfuil airgead ar fáil leis an réamh-mheasúnú a dhéanamh nó an gcaitear é a dhéanamh as airgead na comhairle contae? Is í mo dara cheist an cheist a chuir mé an chéad uair. An mbeidh allúntas breise á thabhairt do chomhairlí contae i mbliana - abraimís ag tús Mheán Fómhair tar éis an tsamhraidh - le cur leis an méid airgid bóithre a fuair siad go dtí seo? Bhíodh an nós sin ag an Roinn Iompair, Turasóireachta agus Spóirt. An mbeidh airgead breise á thabhairt do chomhairlí contae i mbliana? Da mbeadh, d'fhéadfaí cuid den obair fhíorphráinneach atá le déanamh ar an mbóthar seo a dhéanamh láithreach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.