Dáil debates

Tuesday, 12 June 2018

Topical Issue Debate

Road Improvement Schemes

7:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá mé tuirseach traochta ag ardú na ceiste seo. Tá cúrsaí sábháilteachta agus sláinte i gceist. Táimid ag caint faoi phíosa bóthair nach bhfuil rófhada, agus a cheanglaíonn An Cheathrú Rua leis an R374, a théann siar go dtí na hoileáin. Is é an chéad rud atáimid ag iarraidh a chur os comhair na Dála ná cé chomh práinneach agus chomh baolach is atá an t-ábhar seo. Tá an tAire ar an eolas anois agus ní mór dá Roinn rud éigin a dhéanamh. Tá imní mhór ar an gcoiste áitiúil nach bhfuil ann ach ceist ama go dtí go marófar duine i dtimpiste ar an mbóthar seo. Bhí na hAirí Stáit, na Teachtaí McHugh agus Kyne, amuigh ag breathnú ar an mbóthar seo inné agus cúpla mí ó shin. Níl a fhios agam cé mhéad cruinniú ar a d'fhreastail muidne agus na Teachtaí Dála eile ón Dáilcheantar i leith na ceiste seo le blianta beaga anuas. Tá daoine ag impí orainn rud éigin a dhéanamh. Níl i gceist, i ndáiríre, ach airgead suarach. Táimid ag iarraidh ar an Rialtas ar a laghad tús a chur leis an obair atá ag teastáil anois ionas nach mbeidh sábháilteacht agus sláinte i mbaol.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.