Dáil debates
Tuesday, 12 June 2018
Topical Issue Debate
Road Improvement Schemes
7:00 pm
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Mar aon leis an Teachta Eamon Ryan, tá an-díomá orm nach bhfuil an tAire sinsearach anseo. Bhí sé anseo níos luaithe agus d'fhéadfadh sé fanacht. Is dóigh liom go dtaispeánann sé easpa measa ar an Dáil agus ar Thithe an Oireachtais nach bhfuil sé anseo. Ar ndóigh, ní hé seo an chéad uair a d'ardaigh mé ceist an bhóthair seo. Tá droch-chaoi ar an mbóthar. Tá sé contúirteach i láthair na huaire. Tá cuid den bhóthar ag titim. Tá an bruach tite isteach. Go bunúsach, is féidir a rá go bhfuil an Rialtas ag déanamh faillí ar bhóithre tuaithe. Ar ball beag, bhíomar ag caint faoi lánaí bus i mBaile Átha Cliath. Tá níos mó daoine ina gcónaí amuigh faoin tuath in Éirinn ná mar atá i gcathair Átha Cliath. Níl fadhb ar bith €1.5 billiún a chaitheamh go héasca sa chathair ar lánaí bus, agus €3 billiún eile a chaitheamh ar an meitreo, ach ní féidir linn cúpla euro suarach a fháil le caoi a chur ar na bóithre tuaithe. Tá airgead beag á lorg againn le hobair fíorphráinneach a dhéanamh ar Bhóthar Dhoire Fhearta. Ba cheart tús a chur leis an bpleanáil chun an cuid eile a dhéanamh. An mbeidh an Roinn ag cur airgead breise ar fáil do na comhairlí contae i mbliana? Má tá airgead breise ar fáil, cén chaoi ina roinnfear an t-airgead sin idir na comhairlí contae? An mbeidh an Roinn ag iarraidh iarratais ar an airgead breise sin i mbliana?
No comments