Dáil debates

Tuesday, 12 June 2018

3:40 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Tá an Straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus an plean gníomhaíochta atá geallta ardaithe go mion minic agam agus cúpla seachtain ó shin thug an tAire Stáit a bhriathar go mbeidh an plean sin os comhair an Cabinet inniu. Seo lá na cinniúna. Cá bhfuil an plean gníomhaíochta? Táimid leath bealaigh tríd bliain na Gaeilge 2018 agus táimid fós ag fanacht ar an bplean gníomhaíochta. Thug an tAire Stáit geallúint, dúirt sé go mbeidh sé os comhair an Cabinet inniu agus tá mé ag lorg freagra ón Taoiseach inniu, ní ón Aire Stáit. Tá seisean i gceannas agus tá plean gníomhaíochta ag teastáil go géar.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.