Dáil debates

Wednesday, 30 May 2018

Education (Admission to School) Bill 2016: Report Stage (Resumed)

 

7:15 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Measaim go bhfuil sé go maith go bhfuil an cinneadh glactha na leasuithe seo a tharraingt siar, toisc nach bhfuil aontas idir an Rialtas agus na hurlabhraithe. Bheadh sé níos fearr dá mbeadh an t-aontas sin ann, agus measaim gur léiriú é go bhfuil níos mó ama ag teastáil. Is trua nach bhful sé os ár gcomhair anois, mar go dtabharfadh sé léiriú gur féidir le gach duine obair le chéile. Nílimid tar éis obair le chéile sa Stát seo maidir leis an nGaeilge thar na cianta. Ní hé go mbeadh daoine ag iarraidh céim chun tosaigh a thabhairt do Ghaeilgeoirí amháin agus gur go díreach i gcomhair Gaeilgeoirí amháin iad na gaelscoileanna. Is aitheantas é ar an bhfadhb atá ann faoi láthair nach bhfuil go leor spásanna i ngaelscoileanna timpeall na tíre chun déileáil leis an éileamh atá ann. An polasaí atá agam féin thar na blianta ná go ndeachaigh mé go dtí an Stát chun níos mó a dhéanamh, ní hamháin chun an t-éileamh a shásamh ach an t-éileamh a chruthú, chun go mbeadh i bhfad níos mó borrtha maidir le Gaelscoileanna. Rinneadh cinneadh roinnt blianta ó shin maidir leis an ratio laistigh de Ghaelscoileanna, rud a rinneadh athrú. An tIar-Theachta Ruairí Quinn a bhí ina Aire ag an am. Thóg sé an ratio suas go dtí an ratio céanna a bhí ann do scoileanna Béarla.

Dá réir, chothaigh sé sin fadhbanna do ghaelscoileanna a bhí ag iarraidh fás agus ag an am céanna rinne sé an cinneadh ar feadh tréimhse gan aon aitheantas a thabhairt do scoileanna nua. Tuigim ag an am go raibh an fhadhb maidir leis an ngeilleagar ann ach anois níl, agus ní cóir go mbeadh an fhadhb sin ann. Ba chóir go mbeimid ag díriú isteach ar an gcaoi is féidir linn an méid is mó daltaí a bheith i scoileanna Gaeilge, ní hamháin iad siúd a bhfuil an Ghaeilge mar chéad teanga acu, iad siúd atá ag freastal ar naíscoileanna Gaeilge ach iad siúd atá ag iarraidh na páistí a chur chuig na gaelscoileanna nach bhfuil an deis acu a bheith ag freastal ar naíscoileanna agus a leithéid.

Chomh maith leis sin, an príomh-rud atá feicthe againn thar na blianta ná nach bhfuil na háiseanna cuí acu. Níl na scoileanna, nó na ranganna, mór go leor agus níl na háiseanna eile ag gnáthpháistí Gaelscoileanna. Tá áiteanna nach bhfuil an trealamh ann, áiteanna nach bhfuil na leabhair scoile ann agus áiteanna nach bhfuil faoi láthair na múinteoirí ann fiú amháin, rud tábhachtach dá mbeadh fás as cuimse ag tarlú. Dá mbeadh an fás sin ag tarlú bheadh fadhb ann, mar atá ann cheana féin i roinnt ceantair, áit nach bhfuil múinteoirí ann leis na cáilíochtaí nó leis an líofacht maidir leis an nGaeilge chun a bheith ag múineadh i nGaelscoileanna.

Ní hé go bhfuilimid ag iarraidh raic a bheith ann idir an Freasúra agus an Aire nó idir na heagrais Ghaeilge timpeall na tíre. Ní hé sin atá i gceist sna leasuithe a bhí á gcur chun cinn anseo, a bhí ag teacht salach beagán ar an méid a bhí an tAire féin tar éis a bheith curtha chun cinn agus tairbhe éigin ag baint leo. An rud atá i gceist anois ná go mbeadh an deis is fearr ann do pháistí agus do thuismitheoirí agus go mbeadh sé cinnte gur féidir seasamh breise éigin a thabhairt dóibh siúd a bhfuil an Ghaeilge acu maidir le hiontráil i mbunscoileanna agus i meánscoileanna Gaeilge.

Má tá an t-éileamh chomh mór sin, is jab eile don Aire déileáil leis sin. Is é sin an chaoi is féidir le fás agus borradh a chur an athuair faoi Ghaelscoileanna atá ar eolas agamsa i gceantair timpeall na cathrach seo agus timpeall na tíre atá ar bís ag lorg aitheantas éigin agus cuidiú chun an t-éileamh atá sna ceantair sin a shásamh. Tá mé ag caint ní hamháin maidir le freastal ar bhunscoileanna ach, mar a dúirt mé cheana, ar ghaelchóláistí chomh maith. Tá súil agam go dtabharfaidh an tAire éisteacht don mhéid atá le rá ag na hurlabhraithe oideachais ar an taobh seo den Teach agus do na heagrais Ghaeilge agus idir seo agus tráth na díospóireachta a bheidh sa Seanad. Tá súil agam freisin go mbeidh an tAire in ann teacht ar leasuithe le go mbeimid le chéile, agus a bheidh in ann na héilimh atá ag na heagrais sin a shásamh agus ábalta cuidiú a thabhairt dóibh siúd atá ag iarraidh dul chuig na Gaelscoileanna timpeall na cathrach agus na tíre ach go háirithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.