Dáil debates
Wednesday, 9 May 2018
Other Questions
Scéim Áiseanna Pobail agus Teanga
5:25 pm
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source
Is é an t-ábhar a bhí ag lua agus na sonraí a bhí agamsa ná an €20,000 atá i gceist le Gaillimh le Gaeilge agus tá meas mór agam maidir leis an dream Gaillimh le Gaeilge. Chas mé leo cúpla bliain ó shin agus tá siadsan freagrach agus rinne siad sár-jab agus sár-obair thar na blianta i gcathair na Gaillimhe agus tá an Ghaeilge le feiceáil dá bharr. Tá an Ghaeilge le feiceáil istigh sa Ghaeltacht i nGaillimh agus taobh amuigh den Ghaeltacht. Tá Gaillimh le Gaeilge cosúil le mo bhaile i Leitir Ceanainn fosta.
Tá Leitir Ceanainn ag déanamh a ndícheall, mar a bhfuil Daingean Uí Chúis. Tá sé ag bogadh ar aghaidh. Tá dá bhliain caite ag ullmhú an phlean agus ina dhiaidh sin beidh seacht mbliana i gceist maidir le cur i bhfeidhm an phlean. Beidh mé sásta sonraí breise a chur ar fáil más rud é go bhfuil siad de dhíth.
No comments