Dáil debates

Wednesday, 9 May 2018

Other Questions

Scéim Áiseanna Pobail agus Teanga

5:25 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbeidh pleananna teanga á n-ullmhú ag leibhéal an phobail i leith ceantair a bhféadfaí aitheantas a thabhairt dóibh mar Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta, mar Bhailte Seirbhíse Gaeltachta nó mar Líonraí Gaeilge.

Faoi réir an fhógra a rinneadh i gcomhréir le foráil 9(2) den Acht in 2016, tugadh an deis d'eagraíochtaí a bhí cáilithe go cuí iarratas a dhéanamh le Foras na Gaeilge le bheith freagrach as plean teanga a ullmhú agus a fheidhmiú do Chathair na Gaillimhe.

De thoradh próiseas roghnúcháin a eagraíodh ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an Acht, roghnaíodh an eagraíocht Gaillimh le Gaeilge in 2017 don chúram, i gcomhar le Comhairle Cathrach na Gaillimhe. Faoi réir an Achta, tá suas le dhá bhliain ag an eagraíocht chun an plean a ullmhú agus, i gcás nach leor an tréimhse sin, is féidir breis ama a cheadú más gá.

A luaithe go gcuirfear plean faoi mo bhráid agus go gceadófar é, beidh tréimhse seacht mbliana ann chun é a chur i bhfeidhm. Tuigtear don Roinn go bhfuil an Gaillimh le Gaeilge i mbun comhairle ghairmiúil a lorg faoi láthair chun cabhrú leo le hullmhú an phlean. Faoi réir na socruithe a bhaineann le cur i bhfeidhm an phróisis, beidh fáil ar chomhairle agus cuidiú ag an eagraíocht ó Fhoras na Gaeilge, ní hamháin mar a bhaineann sé leis an obair ullmhúcháin atá idir lámha ach mar a bhaineann sé chomh maith le feidhmiú an phlean aontaithe i ndeireadh báire.

Ar nós na mbailte eile atá mar chuid den phróiseas, tá ciste ar fiú €20,000 curtha ar fáil do Ghaillimh le Gaeilge chun an plean a ullmhú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.