Dáil debates
Wednesday, 18 April 2018
Questions on Promised Legislation
12:35 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Ba mhaith liom labhairt faoin bplean gníomhaíochta don Ghaeilge, go háirithe don tréimhse 2018 go 2022. Sé seachtaine ó shin thug an tAire Stáit óráid iontach sa Dáil agus gheall sé dúinn san óráid sin go raibh an Roinn ag cur bailchríoch ar an bplean ag an am sin agus go mbeidh sé le foilsiú sna seachtainí a bhí romhainn. Tá sé go díreach sé seachtaine an lá inniu ó thug sé a bhriathar go raibh an plean sin le foilsiú. Cá bhfuil an plean? Thug an tAire Stáit a bhriathar i rith Sheachtain na Gaeilge i mBliain na Gaeilge.
No comments