Dáil debates
Wednesday, 28 March 2018
Questions on Promised Legislation
12:35 pm
Catherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source
Ó thaobh chlár oibre an Rialtais, agus go háirithe an straitéis 20 bliain, de táimid ag fanacht anois ó mí Iúil an bhliain seo caite maidir le plean feidhmíochta. Nuair a d'ardaigh mise é, ní don chéad uair, i mí Feabhra, dúirt an tAire Stáit, Teachta McHugh, go raibh sé thar a bheith muiníneach agus dóchasach go bhfoilseofaí é taobh istigh de choicís nó trí sheachtaine. B'in mí Feabhra. Seo deireadh na míosa seo agus nílimid in ann an tuarascáil sin a fheiceáil. Cá bhfuil sé? An féidir linn freagra a fháil ar cá bhfuil an plean sin, go háirithe toisc go bhfuil Bliain na Gaeilge i gceist agus go bhfuil rún ós comhair an tSeanad inniu maidir leis an nGaeilge agus leis an ngéarchéim atá ag baint léi?
No comments