Dáil debates
Wednesday, 21 March 2018
Questions on Promised Legislation
12:25 pm
Micheál Martin (Cork South Central, Fianna Fail) | Oireachtas source
Mar is eol don Taoiseach, d'fhoilsigh an Teachta Lawless an Bille um Fhógraíocht Ar-Líne agus na Meáin Shóisialta (Trédhearcacht) 2017 anuraidh. Mar is eol dó freisin, tá raic ar siúl faoi láthair maidir leis an mhéid atá ag tarlú le Cambridge Analytica agus Facebook. Tá daoine ar fud na hEorpa agus ar fud an domhain buartha agus feargach faoin mhéid atá tar éis titim amach. Mar is léir anois, tá sé scanrúil nach raibh aon saghas cosc ar na comhlachtaí móra maidir le eolas príobháideach an saoránach. Tá mé ag súil go mbeidh an Bille seo os comhair an choiste sar i bhfad. Tá sé tábhachtach go n-admhaíonn an Rialtas go bhfuil gá ann reachtaíocht a chur i bhfeidhm chun cosc a chur leis na comhlachtaí móra seo. An mbeidh an Taoiseach agus an Rialtas sásta gach cabhair agus gach tacaíocht a thabhairt don Bhille seo ionas go mbeimid in ann é a chur i bhfeidhm sa Teach seo chomh tapaidh agus is féidir?
No comments