Dáil debates

Wednesday, 21 March 2018

12:25 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

San ospidéal ginearálta. B'fhéidir go mbeidh an Taoiseach in ann breathnú ar an áit seo, ina bhfuil 45 leaba agus, de réir mar a thuigim, 51 othar. Ní féidir an t-ionad nua a oscailt de bharr easpa foirne. Ba mhaith liom dul ar ais go dtí mo chéad cheist. Bhí mé ag súil le freagra díreach. Cén uair a bheidh an t-athbhreithniú críochnaithe? Tá ceist eile agam. An bhfuil na tuarascálacha léite ag an Taoiseach? Níl gá le athbhreithniú eile. Bhí an tuarascáil a d'fhoilsíodh i mí Iúil 2017 ag caint faoi "light refresh" - b'shin an méid - ós rud é go raibh chuile rud clúdaithe in A Vision for Change. Níl aon gá le haon rud eile ach A Vision for Change a chur i bhfeidhm. Tá gá le beart leis an straitéis sin a chur i bhfeidhm. Tá sé seo ráite ag na haltraí síciatrach, ag an gCoimisiún Meabhair-Shláinte agus ag chuile dream, ach tá an Taoiseach fós ag caint faoi tuilleadh athbhreithnithe.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.