Dáil debates

Wednesday, 21 March 2018

12:15 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

De réir mar a thuigim, tháinig an Taoiseach isteach sa Dáil aréir agus chuir sé in iúl gur polaiteoir é a chuireann béim ar fhreagraí díreacha. Táim ag tnúth le freagraí díreacha anois. Táim ag díriú isteach ar chúrsaí meabhairshláinte. Tagaim ó chathair atá ag fanacht le hionad nua. Tá ionad síciatrach ann. Tá 45 leaba istigh ann. Tá níos mó ná 50 othar san ionad sin. Chomh maith leis sin, tá cuid de chosmhuintir na cathrach páirteach i bpatról slándála ag iarraidh daoine a choinneáil ó na huiscebhealaí de bharr go bhfuil sé ar intinn acu lámh a chur ina mbás féin. Sin an cúlra atá agam ón gcathair.

An pointe ginearálta atá á dhéanamh agam, agus an ceist atá á cur agam, ná cá bhfuil an t-athbhreithniú ar A Vision For Change? Sin plean forásach cuimsitheach. Ba é an tréimhse ama a bhí i gceist ná 2006 go 2016 - tréimhse deich mbliana. Insan fhís sin bhí chuile rud - idir an fhís agus na rudaí a bhí le déanamh. Anois táimid in 2018 agus, in ainneoin na ngeallúintí uilig mar gheall ar athbhreithniú, fós níl athbhreithniú againn. An rud atá léite agam ná athbhreithniú ar litríocht idirnáisiúnta ó thaobh chúrsaí meabhairshláinte de. Thóg sé sin dhá bhliain agus 12 sheachtain. An dáta atá ar sin ná mí Fheabhra 2016. Thóg sé go dtí Iúil 2016 é sin a fhoilsiú. Tá sé foilsithe anois agus táimid fós ag fanacht ar athbhreithniú ar an doiciméid A Vision For Change. Tá sé ráite linn go bhfuil grúpa maoirseachta - nó oversight body - bunaithe agus tá duine i gceannas air, ach dhá bhliain agus trí mhí tar éis an phlean sin a bheith críochnaithe níl athbhreithniú fós againn.

Tá a fhios agam nach bhfuil an Taoiseach ró-tógtha le miotas so níl mé ag súil le freagra indíreach. Ba mhaith liom a fháil amach go díreach stádas an athbhreithnithe sin. Cá bhfuil sé? Cé atá i gceannas? Cé mhéad cruinnithe a bhí ag an grúpa maoirseachta seo? Cén scála ama atá i gceist ag an Rialtas maidir leis an athbhreithniú atá geallta? I mo thuairim féin, níl gá le athbhreithniú mar tá sé ráite gurb é an t-aon fhadhb a bhí leis A Vision For Change ná nár cuireadh é i bhfeidhm.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.