Dáil debates

Tuesday, 20 March 2018

Order of Business

 

2:45 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is é gnó an lae inniu Míreanna 10 agus 11, tairiscint maidir leis na Rialacháin fán Acht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh (ar ais ón gCoiste); Uimh. 12, tairiscint maidir leis an Ordú fá na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt, 2000 go 2017 (Méadú ar Líon na nGnáthchomhaltaí den Bhord Pleanála), 2018 (Tarchur chuig Coiste); agus Uimh. 31, an Bille um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2018 - an Dara Céim (atógáil). Is é an Gnó Comhaltaí Príobháideacha Uimh. 181, tairiscint maidir le haonad cumarsáide straitéisí an Rialtais, arna roghnú ag Sinn Féin.

Is é gnó na Céadaoin Uimh. 31a, ráitis roimh an gcruinniú den Chomhairle Eorpach; Uimh. 14, tairiscint maidir leis an am don Tionól Saoránach a shíneadh (le críochnú laistigh de 40 nóiméad, mura mbeidh sí críochnaithe roimhe sin); Uimh. 31, an Bille um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2018 - an Dara Céim (arna hatógáil, mura mbeidh sí críochnaithe roimhe sin) agus na Céimeanna a Bheidh Fágtha (le cur ar athló ar 11 p.m., mura mbeidh sí críochnaithe roimhe sin); Uimh. 14, tairiscint maidir leis an ráiteas mar eolas do vótálaithe i ndáil leis an mBille um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2018 (le tógáil ar an mBille a bheith críochnaithe gan díospóireacht); agus Uimh. 1, an Bille Seirbhísí Teileachumarsáide (Duchtra agus Cáblaí), 2018 [Seanad] - an Dara Céim. Is é an Gnó Comhaltaí Príobháideacha Uimh. 182, tairiscint maidir le hárachas gnó, arna roghnú ag Fianna Fáil.

Is é gnó an Déardaoin Uimh. 31, an Bille um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2018 - an Dara Céim, atógáil, mura mbeidh sí críochnaithe roimhe sin, agus na Céimeanna Eile, le cur ar athló ar 5 p.m., mura mbeidh sí críochnaithe roimhe sin; Uimh. 14, tairiscint maidir leis an ráiteas mar eolas do vótálaithe i ndáil leis an mBille um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2018 le tógáil gan díospóireacht ar an mBille a bheith críochnaithe; agus Uimh. 1, an Bille Seirbhísí Teileachumarsáide (Duchtra agus Cáblaí) 2018 [Seanad] - an Dara Céim. Déanfar an Dara Céim d'Uimh. 51, an Bille um Tháscairí maidir le Dul Chun Cinn Iarbhír agus Cuntais Dáiliúcháin Náisiúnta 2017, a thógáil i mír na hoíche.

I dtaobh chraoladh na socruithe atá beartaithe do ghnó na seachtaine seo, tagraím don chéad tuarascáil athbhreithnithe ón gCoiste Gnó dar dáta an 12 Márta 2018. I ndáil le gnó na Máirt, beartaítear:

(1) go suífidh an Dáil níos déanaí ná 10 p.m. agus go rachaidh sí ar athló tráth nach déanaí ná meán oíche;

(2) go ndéanfar an tairiscint maidir leis na Rialacháin fán Acht um Ghairmithe Sláinte agus Cúraim Shóisialaigh, ar ais ón gcoiste, agus an tairiscint maidir leis an ordú fá na hAchtanna um Pleanáil agus Forbairt 2000 go 2017 (Méadú ar Líon na nGnáthchomhaltaí den Bhord Pleanála) 2018, tarchur chuig coiste, a thógáil gan díospóireacht;

(3) nach mbeidh aon Cheisteanna chun an Taoisigh ann de réir bhrí Bhuan-Ordú 38(1)(a), nach mbeidh aon Cheisteanna ó Bhéal ann de réir bhrí Bhuan-Ordú 38(1)(b), agus nach mbeidh aon Saincheisteanna Tráthúla ann de réir bhrí Bhuan-Ordú 29A;

(4) go dtógfar gnó Comhaltaí Príobháideacha faoi Bhuan-Ordú 140(1)(a) tar éis na dtairiscintí gan díospóireacht ar feadh dhá uair an chloig; agus

(5) má chríochnaítear na himeachtaí ar an Dara Céim den Bhille um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2018 Dé Máirt, go ndéanfar aon vótáil a iarrfar a thógáil Dé Céadaoin tar éis na gCeisteanna ar Reachtaíocht a Gealladh. Má chríochnaítear na himeachtaí ar an Dara Céim Dé Céadaoin nó Déardaoin, beartaítear go ndéanfar aon vótáil a iarrfar a thógáil láithreach.

I ndáil le gnó na Céadaoin, beartaítear:

(1) go suífidh an Dáil níos déanaí ná 10.15 p.m. agus go rachaidh sí ar athló tráth nach déanaí ná 11 p.m.;

(2) go dtosóidh na ráitis roimh an gcruinniú den Chomhairle Eorpach láithreach tar éis na gCeisteanna chun an Taoisigh, go gcuirfear an suí ar fionraí dá éis sin faoi Bhuan-Ordú 25(1) ar feadh uair an chloig, go dtabharfar na ráitis chun críche tar éis 85 nóiméad, nach mbeidh iontu ach aon bhabhta amháin d’Aire nó d’Aire Stáit agus do phríomh-urlabhraithe na bpáirtithe agus na ngrúpaí, nó do Chomhalta arna ainmniú nó arna hainmniú ina n-ionad, is babhtaí nach faide ná deich nóiméad an ceann, le freagra cúig nóiméad ó Aire nó ó Aire Stáit, agus féadfaidh na Comhaltaí go léir am a roinnt eatarthu féin;

(3) go ndéanfar an tairiscint maidir leis an am don Tionól Saoránach a shíneadh a thabhairt chun críche tar éis 40 nóiméad agus nach mbeidh sna hóráidí ach aon bhabhta amháin d’Aire nó d’Aire Stáit agus do phríomh-urlabhraithe na bpáirtithe agus na ngrúpaí, nó do Chomhalta arna ainmniú nó arna hainmniú ina n-ionad, is babhtaí nach faide ná cúig nóiméad an ceann agus féadfaidh na Comhaltaí go léir am a roinnt eatarthu féin; agus

(4) go ndéanfar an tairiscint maidir leis an ráiteas mar eolas do vótálaithe i ndáil leis an mBille um an Séú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht 2018 a thógáil gan díospóireacht ar gach Céim den Bhille a bheith críochnaithe, cibé uair a tharlóidh sé, agus déanfar aon vótáil a iarrfar a thógáil láithreach.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.