Dáil debates

Thursday, 8 March 2018

Questions on Promised Legislation

 

12:40 pm

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source

Ar an gcéad dul síos guím Lá Idirnáisiúnta na mBan shona daoibh go léir. Tá maoiniú d’Fhoras na Gaeilge, an t-eagras is mó a thacaíonn le forbairt na Gaeilge sa phobal, ag laghdú, bliain i ndiaidh bliana ar feadh deich mbliana nó mar sin. Cuid den chúis taobh thiar de seo ná go bhfuil an maoiniú roinnte idir an dá dhlínse ar an oileán. Nuair atá easpa airgid sa Phoblacht, cosúil le tráth an chúlaithe eacnamaíochta, tagann meath ar mhaoiniú an Fhorais. Nuair a tharlaíonn amhlaidh sa Tuaisceart tagann meath arís ar an maoiniú. In ainneoin go bhfuil an maoiniú tábhachtach do na healaíona ag dul i méid, rud atá muid buíoch de, tá an Ghaeilge ag fulaingt. Mar chuid de Bhliain na Gaeilge, mar chuid de lorg na bliana seo, an ngeallfadh an Tánaiste athbhreithniú a dhéanamh ar mhúnla maoinithe Fhoras na Gaeilge?

Ligfeadh é seo don Rialtas beart de réir a bhriathair a thaispeáint don teanga le maoiniú Fhoras na Gaeilge a ardú.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.