Dáil debates

Wednesday, 7 March 2018

Sustainable Seaweed Harvesting: Motion [Private Members]

 

2:45 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Beidh mise ag tógáil deich nóiméad agus beidh idir mo chomhghleacaithe ag tógáil cúig nóiméad. Molaim an rún atá curtha síos. Tá díomá orm nach bhfuil an Rialtas ag glacadh leis. Bhí cruinniú thar a bheith tairbheach bliain ó shin idir oifigigh na Roinne agus toscaireacht ó Oileán Árainn ar a pléadh go mion an cheist seo. Taispeánadh ag an leibhéal sin sa Roinn an-tuiscint ar na dúshláin atá romhainn. Tá mórbhotún amháin sa mhéid atá ráite ag an Aire Stáit. Deireann sé nach féidir le ceachtar den dá thaobh déanamh gan an taobh eile. Ní dóigh liom go nglacfadh éinne atá ag baint feamainne ar an talamh leis sin. Cinnte dearfach ní féidir le lucht bainte feamainne maireachtáil gan an tionscal próiseála. Níl aon amhras faoi sin. Is é seo ceann de na tionscail atá fós fágtha. Baineann beagnach 99% de bhainteoirí feamainne leis an áit a bhfuil siad ag baint. Is é an t-imní ata ar phobal na háite ná, dá dtabharfaí mórcheadúnais mar atá iarrtha ag cuid de na comhlachtaí, gurb ionann é sé sin go praiticiúil ó lá go lá le húinéireacht ar an bhfeamainn a thabhairt dóibh agus go bhfeadfadh na comhlachtaí daoine a thabhairt isteach nach raibh aon taithí ná eolas acu ar bhaint feamainne lena dhéanamh, dá n-oibreoidís níos saoire, agus go bhféadfaí an pobal aitiúil a ghearradh amach as an saothar fíor-thábhachtach seo.

Chomh maith leis sin tá imní orthu - imní a bhfuil bunús leis - gurb éard a tharlódh ná gur price takers, mar a deirtear i mBéarla, a bheadh i lucht bainte na feamainne agus nach mbeadh an deis acu ata ann i láthair na huaire, is é sin, an tairge atá acu a chur ar an margadh oscailte. Dá mbeadh an ceadúnas tugtha amach, chaithidís é a dhíol leis an té a raibh an ceadúnas acu. Mar sin, tá míthuiscint mhór ar an Aire Stáit má cheapann sé nach féidir leis na comhlachtaí móra déanamh gan bainteoirí áitiúla. Tá an chontúirt sin ann agus tá sé sin go mór i n-intinn an phobail. Mar sin, beidh Fianna Fáil ag tacú leis an rún seo tráthnóna agus nuair a bheidh an vótáil ar bun beimid ag cur in éadan dhearcadh an Rialtais agus beimid ag seasamh leis an bpobal traidisiúnta.

É sin ráite, ní hin le rá nach dtuigimid go bhfuil fíor-thábhacht go deo go mbeidh tionscal láidir feamainne ann agus ní hamháin sin ach gur tionscal scaipthe a bheidh ann. Tuigimid go bhfuil sé tábhachtach nach mbeidh an tionscal uilig i lámha chúpla comhlacht mór ach go mbeidh sé scaipthe ar go leor comhlachtaí le go mbeidh iomaíocht ann don tairge. Creidim gur cheart plécháipéis a fhoilsiú seachas moltaí a fhoilsiú agus a rá gurb in é agus gurb é seo an rud a bhfuil muid chun a dhéanamh. Ba cheart go bhfoilseofar plécháipéis chun go mbeidh deis ag na páirtithe leasmhara éagsúla a dtuairimí a chur in iúl. Caithfidh sé a bheith mar sprioc againn i gcónaí an cosmhuintir agus an bunphobal a chosaint sa ghnó seo. Tá go leor acu seo lonnaithe sa Ghaeltacht. Is tionscal fíorláidir Gaeltachta é seo.

In his statement the Minister of State has made a fundamental error. He said the companies need the harvesters and the harvesters need the companies. There is no question in my mind that the harvester needs somebody to process the seaweed as there is not a huge market for unprocessed seaweed other than putting it on land. The reality is that if we hand over large-scale licences to the companies, they could decide to import labour or mechanically harvest with the permission of the Department. They could displace the traditional harvesters. That fear is real and substantial and we have seen it happen in so many industries. A company has sought a very large licence and if some company got it, it would have exclusive rights to that type of seaweed. I accept it would be species-specific but it would be an exclusive right in particular areas. The person harvesting for that company would become a price taker and could not put the product on the open market.

We need a diverse industry with many processors so the harvester would be the licenceholder and there would be a choice of company to sell to. The licenceholders would therefore be able to negotiate their own price and the process would be market-led. Could the Minister of State imagine the outrage in County Meath if we returned to the days of farmers in the county being licenceholders of the land belonging to the factories, with them being tied to sell to one factory? Perhaps we are returning to them. If the Minister of State facilitated that, there would be an uprising. The Minister is State is talking about possibly going the same route and he has not eliminated that.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.