Dáil debates
Wednesday, 7 March 2018
Questions on Promised Legislation
11:55 am
Leo Varadkar (Dublin West, Fine Gael) | Oireachtas source
Is féidir liom, a Theachta. Gabhaim buíochas don Teachta as na ceisteanna sin. Is í seo Bliain na Gaeilge, togra de cuid an Rialtais. Tá dáiríreacht an Rialtais i leith na Gaeilge rísholéir dar liom. Is mian liom tagairt don méid atá déanta i leith na Gaeilge, na Gaeltachta agus na noileán sa chreatlach pleanála náisiúnta agus sa phlean forbartha náisiúnta a foilsíodh le gairid. Faoin plean sin, tá sé fógartha ag an Rialtas go mbeidh €178 milliún ar fáil don chiste caipitil chun caithimh ar thograí Gaeilge, Gaeltachta agus na noileáin as seo go ceann deich mbliana. Is airgead as an nua é €78 milliún den mhéid sin ar an mbunshuim de, níos mó ná €10 milliún atá á gcaitheamh ar na nithe céanna i bliana.
San áireamh, tá gealltanas sa phlean forbartha náisiúnta go méadófar buiséad caipitil Údaráis na Gaeltachta go dtí €12 milliún in aghaidh na bliana, go gcaithfidh Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta €4 milliún ar lárionad Gaeilge i gcathair Bhaile Átha Cliath agus go ndéanfar forbairt ar gréasán don ionad Gaeilge timpeall na tíre, agus na líonraí Gaeilge agus na seirbhísí Gaeltachta ach go háirithe.
No comments