Dáil debates

Wednesday, 7 March 2018

Questions on Promised Legislation

 

11:55 am

Photo of Catherine MartinCatherine Martin (Dublin Rathdown, Green Party) | Oireachtas source

Nuair a labhraíonn tú i nGaeilge go poiblí, léiríonn tú don domhain go bhfuil an Ghaeilge beo mar theanga Ghaelach, Eorpach, Cheilteach agus nuálach feasta. Tá Gaelscoileanna ar fud an oileáin seo, ó Bhaile Átha Cliath go Béal Feirste, ó Dhún na nGall go dtí An Daingean agus tá cultúr na nGael faoi bhláth.

Ach, agus muid ag céiliúradh Bhliain na Gaeilge - is í seo seachtain na Gaeilge - ní mór dúinn mar pholaiteoirí ár n-aird a dhíriú ar staid na Gaeltachta. Is é an fhírinne ná go bhfuil bánú á dhéanamh ar cheantair Gaeltachta. Gan deiseanna fostaíochta do mhuintir Ghaoth Dobhair agus Chonamara, ní bhíonn de rogha ag daoine ach slán a fhágáil le saol a chaitheamh sa Ghaeltacht agus clann a thógáil ann.

Is cuimhin linn manna Barack Obama, "Is féidir linn". Tá ceist agam don Taoiseach. An féidir leat? An féidir leis ceannaireacht a léiriú maidir le riachtanais na Gaeltachta? Carpe diem- téigh chuig-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.