Dáil debates

Tuesday, 6 March 2018

An Ghaeilge: Ráitis - Irish Language: Statements

 

6:35 pm

Photo of Brendan HowlinBrendan Howlin (Wexford, Labour) | Oireachtas source

Déanfaidh sé sin an gnó. Guím Seachtain na Gaeilge shona ar an Aire Stáit agus ar an Leas-Cheann Comhairle. Bhí mé ag éisteacht leis an méid a bhí á rá ag an Teachta Ó Cuív agus, i mo thuairimse, tá sé in am smaointeoireacht nua a bheith againn ar an teanga. Aithníonn Páirtí an Lucht Oibre an áit lárnach atá ag teanga na Gaeilge i gcomhthéacs oidhreacht agus stair na hÉireann agus gur áis shaibhir bheo na linne seo í. Fáiltímid roimh an ardú suntasach atá tagtha ar líon na ndaoine a labhraíonn Gaeilge go laethúil. Is rud maith é sin. Ó thaobh oideachas de, áfach, theip go mór orainn mar thír. Theip orainn an Ghaeilge a chur chin cinn. Is féidir pointí a scóráil ó thaobh páirtí polaitiúla de, ach mar thír agus mar Stát theip orainn ó thaobh múineadh na Gaeilge agus foghlaim na Gaeilge ó bhunú an Stáit agus sinn ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn. Ní dóigh liom gur féidir linn ár méaracha a shíneadh i dtreo aon áit eile ar fud an domhain agus tír a aimsiú ina gcaitheann páistí ina scoileanna níos mó ná deich mbliana ag foghlaim teanga ach nach bhfuil ar a gcumas an teanga sin a labhairt go flúirseach agus go líofa ina dhiaidh sin. Caithfimid é sin a admháil. Tá sé dochreidte agus níl a fhios agam an fáth atá leis sin.

Tá a fhios agam go bhfuil an-chuid anailíse déanta ar an gceist seo. Cén fáth nach bhfuil páistí in ann an teanga a úsáid tar éis deich mbliana á foghlaim ar scoil? An easpa spéise atá i gceist? An bhfuil fadhb ann le heaspa suime ag tuismitheoirí? Ní dóigh liom go bhfuil. Tá sé deacair a rá cén fáth go bhfuil sé mar sin ach tá sé mar sin, agus is iar-bhunmhúinteoir mé féin.

Tá smaoineamh ag urlabhraí Pháirtí an Lucht Oibre, an Seanadóir Aodhán Ó Ríordáin, ó thaobh chúrsaí oideachais de. B'fhéidir gur chóir dúinn rud éigin níos réabhlóidí a dhéanamh sna bunscoileanna. B'fhéidir gur chóir dúinn bliain amháin nó dhá bhliain a mhúineadh go huile agus go hiomlán trí Ghaeilge. Ní bheadh an Ghaeilge againn mar ábhar inár scoileanna mar sin ach mar theanga labhartha. Ní féidir an Ghaeilge a mhúineadh mar ábhar agus í a spreagadh mar sin. Caithfimid an Ghaeilge a mhúineadh mar theanga. Sílim, ag an staid seo, go bhfuil orainn bheith réabhlóideach faoi seo. Ar a laghad, bheadh sé ar ár gcumas an Ghaeilge a labhairt níos fearr má dhéanfaimid an méid sin.

Seasann Páirtí an Lucht Oibre do chosaint agus d’fhorbairt na Gaeltachta. Cinnteoimid go leanfaidh leis an infheistiú i bhfostaíocht trí Údarás na Gaeltachta i réimsí cosúil leis an turasóireacht, tograí a bhaineann le bia ceardaithe agus turasóireacht chultúrtha i gcomhthéacs fhorbairt Shlí an Atlantaigh Fhiáin, fhorbairt na mbealaí glasa agus fhorbairt Shean-Oirthear na hÉireann. Spreagfar iad siúd a bhfuil cónaí orthu sna ceantair sin an Ghaeilge a fhoghlaim agus í a úsáid.

Tá sé ráite cheana féin ag an Teachta Ó Cuív ach, maidir le seirbhísi poiblí, tuigimid go bhfuil sé rí-tábhachtach go gcuirfí gach aon seirbhís Stáit ar fáil i nGaeilge agus oibreoimid chun an aidhm sin a chomhlíonadh. Is aidhm é atá ag gach páirtí sa Teach seo.

I welcome the opportunity to speak here on the Irish language. It is a shame the debate around the state of our national language happens every year during Seachtain na Gaeilge in an almost tokenistic way. Ár dteanga dúchais should not be discussed just for a couple of hours on an annual basis. We should make a more conscious effort to discuss the future of the language throughout the year. In order for our language to survive and, more importantly to thrive, we need to be realistic about its uses and the way in which it is taught in schools. We need only to look at how videos from Coláiste Lurgan go viral every summer when they translate the biggest current hit of the summer into Gaeilge. There is a hunger out there for new ways to use our language, to learn our language and to embrace our language if we could only tap into it properly. The problem is that we have singularly failed to do this, to date. I hope we will take the opportunity to devise a strategy and not simply pay lip service on an annual basis so that athbheochan na Gaeilge is not some vague aspiration like draining the Shannon, but is a realistic objective to be achieved in our lifetime.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.