Dáil debates

Tuesday, 6 March 2018

An Ghaeilge: Ráitis - Irish Language: Statements

 

6:05 pm

Photo of Joe McHughJoe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an Leas-Cheann Comhairle. Mar Aire Stáit ar a bhfuil freagracht don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin, fáiltím roimh an deis seo labhairt leis an Dáil faoi chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta, go háirithe agus muid i lár Seachtain na Gaeilge sa mbliain speisialta seo, Bliain na Gaeilge 2018.

Ar dtús báire, ba mhaith liom cúpla focal a rá faoin bpróiseas pleanála teanga. Mar is eol don Teach, tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga faoina mbeidh pleanála teanga á n-ullmhú ag leibhéal an phobail i gceantair a bhféadfaí aitheantas a thabhairt dóibh faoin Acht mar limistéir pleanála teanga Ghaeltachta, mar bhailte seirbhíse Gaeltachta, nó mar líonraí Gaeilge. Gabhaim m'aitheantas do mo iar-chomhghleacaí, Dinny McGinley, faoi choinne an tiomantais sin. Is fiú a lua go bhfuil allúntas breise de €1.2 milliún ar fáil i mbliana chun cabhrú tuilleadh le cur i bhfeidhm na straitéise agus an chórais pleanála teanga araon. Fágann sé seo go bhfuil cistíocht ar fiú €2.65 milliún in iomlán ar fáil do 2018 lena haghaidh.

Tá an próiseas pleanála teanga tosaithe anois i ngach aon cheann den 26 limistéar pleanála teanga Gaeltachta. Ina theannta sin, tá obair idir lámha chun an próiseas a bhrú ar aghaidh mar a bhaineann sé leis na bailte seirbhíse Gaeltachta agus na líonraí Gaeilge.

Agus muid ag caint ar an nGaeilge agus an Ghaeltacht ní bheadh sé ceart gan aitheantas a thabhairt don ról fíorthábhachtach atá ag Údarás na Gaeltachta. Tá sé ráite agam roimhe seo ach measaim gur fiú é a rá athuair nach bhfuil aon amhras orm ach go bhfuil obair thábhachtach déanta ag an údarás anuas tríd na blianta ar mhaithe le saol teangeolaíoch, eacnamaíochta, cultúrtha agus sóisialta phobal na Gaeltachta a chur chun cinn. Is ábhar sásaimh é gur éirigh leis an údarás 630 post a chruthú in 2017 agus go raibh 155 duine breise fostaithe i gcuideachtaí an údaráis sa Ghaeltacht ag deireadh na bliana 2017 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin. Bhí 8,109 bpost i gcliantchuideachtaí an údaráis ag deireadh na bliana sin. Tuigim go maith go bhfuil aidhm straitéiseach ag an údarás a bhuiséad caipitil a mhéadú thar thréimhse ama go €12 milliún in aghaidh na bliana agus, mar atá ráite agam roimhe seo, tacaím go hiomlán leis an éileamh seo. Ár ndóigh, tá an-áthas orm dá réir go bhfuil gealltanas tugtha sa phlean forbartha náisiúnta do 2018 go 2027, a foilsíodh le gairid, go méadófar buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta go céimniúil go €12 milliún in aghaidh na bliana. Is féidir liom a dheimhniú go leanfaidh mo Roinn féin agus an t-údarás ag obair as lámha a chéile chun an leas is fearr is féidir a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil ar mhaithe le cur chun cinn na Gaeilge agus na Gaeltachta sa todhchaí.

Ba mhaith liom anois cúpla focal a rá faoin straitéis 20 bliain don Ghaeilge agus go háirithe faoin bplean gníomhaíochta don tréimhse 2018-2022 faoin straitéis, atá á ullmhú ag mo Roinnse faoi láthair. Mar atá ráite agam go minic roimhe seo, ós rud é go bhfuil freagracht thras-Rannach i gceist maidir le cur i bhfeidhm na straitéise 20 bliain don Ghaeilge, ba ghá go leor plé a dhéanamh le Ranna Stáit agus páirtithe leasmhara eile maidir le hullmhú an phlean gGníomhaíochta don tréimhse ó 2018 go dtí 2022 faoin straitéis agus go háirithe chun na spriocanna sonracha agus tráthchlár ina leith a aontú. Cé go n-aithnítear go bhfuil moill ar an sprioc ama a bhí luaite roimhe seo, bhí an gá ann, mar atá ráite cheana agam, a chinntiú go raibh téagar agus tairbhe ag dul le pé bearta a chuirfí sa phlean i ndeireadh thiar thall. Is fearr i bhfad é sin i mo thuairimse beagán ama breise a thógáil chun féachaint chuige go bhfuil fiúntas leis an gclár bearta agus leis an bplean gníomhaíochta don Ghaeilge ó 2018 go dtí 2022 go ginearálta, ar a bhfuil mo Roinnse ag cur bailchríoch air i láthair na huaire agus a ndéanfar a fhoilsiú sna seachtainí amach romhainn.

Cé go bhfuil moill ar fhoilsiú an phlean gníomhaíochta féin ní hionann sin agus a rá nach bhfuil an Rialtas ag obair ar son na Gaeilge idir an dá linn agus nach bhfuil aon rud ag tarlú. Go deimhin tá cláir oibre á gcur i bhfeidhm ag mo Roinn féin agus ag Ranna agus forais ábhartha eile Stáit, chomh maith le raon leathan eagraíochtaí Gaeilge, chun cúram a dhéanamh i gcaitheamh an ama ar fheidhmiú na Straitéise. Mar shampla, tá muid anois i mBliain na Gaeilge 2018, ar thogra de chuid an Rialtais é. Ní fhéadfaí dáiríreacht an Rialtais ar an ábhar seo a cheistiú i bhfianaise an tagairt shonrach atá déanta don Ghaeilge, don Ghaeltacht agus do na hoileáin sa chreatlach náisiúnta pleanála agus sa phlean forbartha náisiúnta 2018-2027 a foilsíodh le gairid. Faoin bplean seo, tá sé fógartha ag an Rialtas go mbeidh €178 milliún in airgead caipitil ar fáil le caitheamh ar thograí Gaeilge, Gaeltachta agus oileán as seo go ceann deich mbliana. Is é sin €78 milliún in airgead nua anuas ar an suim de níos mó ná €10 milliún atá á chaitheamh ar na nithe céanna i 2018.

San áireamh sa phlean forbartha náisiúnta seo, tá gealltanas go méadófar buiséad caipitil Údarás na Gaeltachta go €12 milliún in aghaidh na bliana, go gcaithfidh an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta €4 milliún ar lárionad Gaeilge i gcathair Bhaile Átha Cliath agus go ndéanfar forbairt ar ghréasán d’ionaid Gaeilge timpeall na tíre agus sna líonraí Gaeilge agus sna bailte seirbhíse Gaeltachta ach go háirithe. Maidir le maoiniú don Fhoras Teanga, a chuimsíonn Foras na Gaeilge agus Gníomhaireacht na hUltaise araon, is féidir liom a dheimhniú gur tháinig méadú ar an soláthar sin le dhá bhliain anuas. Is soláthar €14.028 milliún atá ar fáil don Fhoras Teanga do 2018, maoiniú de €450,000 do Bhliain na Gaeilge 2018 san áireamh. Mar sin, is léir go bhfuil an Rialtas ag seasadh leis an nGaeilge, ag tabhairt aghaidh ar na dúshláin a bhaineann léi agus ag déanamh infheistíochta ina todhchaí.

Mar is eol don Teach, tar éis tréimhse fada comhairliúcháin, i mí Meitheamh na bliana seo caite, foilsíodh ceannteidil an Bhille teanga nua. Tá iarracht déanta sna ceannteidil seo dul i ngleic le dhá mhórcheist na scéimeanna teanga agus an earcaíocht sa tseirbhís phoiblí. Mar sin, mar chuid den Bhille nua, tá sé i gceist córas na gcaighdeán a thabhairt isteach in áit na scéimeanna teanga. Má tá an chórais úr seo chun a bheith éifeachtach, beidh orainn díriú isteach ar chúrsaí earcaíochta. Is é ceann de na príomhfhadhbanna a chuireann bac ar sheirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge ná nach bhfuil na daoine leis na scileanna cuí fostaithe sna hoifigí cuí. Má tá muid chun feabhas a chur air seo, caithfidh an Stát líon na bhfostaithe Stáit atá in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge a mhéadú agus a chinntiú go bhfuil Gaeilge ar a dtoil ag oifigigh Stáit atá ag feidhmiú i gceantair Ghaeltachta. Chuige sin, beidh sé mar chuspóir sa Bhille go mbeidh 20% de na daoine nua a earcaítear don tseirbhís phoiblí ina gcainteoirí Gaeilge, go mbeidh achan oifig phoiblí atá lonnaithe sa Ghaeltacht ag feidhmiú trí Ghaeilge agus go mbeidh na comhlachtaí in ann freastal ar an éileamh ón bpobal ar sheirbhísí trí Ghaeilge.

Tá ceannteidil an Bhille seo curtha faoi bhráid Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán chun scrúdú réamhreachtach a dhéanamh orthu. Tá an Bille ar chlár reachtaíochta an Rialtais don seisiún seo.

Díreoidh mé anois ar an Ghaeilge san Aontas Eorpach. Tá sé an-tábhachtach don Rialtas go mbeidh an Ghaeilge ina teanga oibre iomlán in institiúidí an AE. Táimid tiomanta deireadh a chur leis an maolú. Tá sé geallta sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 go dtabharfadh an Rialtas gach tacaíocht agus cúnamh don AE chun an cinneadh maidir leis an Ghaeilge a bheith mar theanga oifigiúil agus oibre san AE a chur i bhfeidhm. Tá roinnt beartais nua curtha ar bun againn i mbliana le cuidiú leis an maolú. I mí na Nollag 2017, d'eagraigh mo Roinn i gcomhar le hardstiúrthóireacht aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh comórtas aistriúcháin le haghaidh meánscoileanna Gaeilge in Éirinn, Thuaidh agus Theas. Mar chuid den chur chuige céanna, tá mo Roinn ag maoiniú seó bóthair de chuid Conradh na Gaeilge, a chuirfidh os cionn 120 ceardlann ar bun le linn na bliana ar bhonn uile-Éireann. Anuraidh, d'fhreastail siad ar 6,000 dalta iar-bhunscoile sna 32 Contae. Anuas ar sin, tugann an seó bóthair cuairt ar os cionn 80 coláiste samhraidh agus d'fhreastail breis is 10,000 dalta ar na ceardlanna anuraidh. Cuireann siad 12 ceardlann ar fáil sna hinstitiúidí tríú leibhéal mar chuid de sheachtain an bhfreisir chomh maith. Tá béim ar leith á chur sna ceardlanna seo ar bhuntáistí na Gaeilge agus fostaíocht á lorg ag na daltaí, le cur síos ar chúrsaí tríú leibhéil agus deiseanna fostaíochta le Gaeilge, na deiseanna san Eoraip ach go háirithe. Táimid ag réiteach scéim nua faoi láthair chun intéirnaithe a chur chuig na hinstitiúidí Eorpacha ar feadh tréimhsí cúig mhí. Tabharfaidh sé seo deis do dhaoine óga blaiseadh a fháil den saol oibre san Eoraip, oiliúint a fháil ó na hinstitiúidí agus cur lena gcuid scileanna chun deis níos fearr a thabhairt dóibh sna comórtais earcaíochta amach anseo.

Creidim go láidir go bhfuil féidearthachtaí móra ann cuidiú le cur chun cinn na Gaeilge tríd an teicneolaíocht. Is cúis sásaimh agus dóchais é an chaoi go bhfuil an Ghaeilge le fáil go forleathan ar na meáin dhigiteacha agus go bhfuil obair cheannródaíoch ar bun san earnáil seo. Ba mhaith liom na hardáin éagsúla ilmheáin atá forbartha ag RTÉ, TG4 agus Raidió na Gaeltachta a lua mar shamplaí. Tá tábhacht ar leith le nuachtáin agus irisí Gaeilge ar nós tuairisc.ie. Tá forbairtí móra déanta agus á ndéanamh ar chorpas na Gaeilge leis an bhfoclóir nua focloir.ieagus an suíomh tearma.ie. Chomh maith leis sin, tá tacaíocht á tabhairt ag mo Roinn d'Acadamh Ríoga na hÉireann chun foclóir stairiúil na Gaeilge a chur i gcrích. Sheol mé corpas stairiúil na Gaeilge anuraidh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.